Tá sé deimhnithe ag an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil socrú déanta acu leis an iar-Sheanadóir Brian Ó Domhnaill i leith bille de os cionn €400,000 a chaith siad agus líomhaintí ina aghaidh á bhfiosrú acu.
Ní nochtfar go poiblí an tsuim airgid a d'aisíoc Brian Ó Domhnaill ach deir an Coimisiún gur gnáthchleachtas é teacht ar réiteach den chineál seo.
Chosain sé €455,000 ar an Choimisiún líomhaintí a fhiosrú faoi éileamh míchuí ar chostais a rinne Brian Ó Domhnaill fad is a bhí sé ina bhall tofa de bhord Údarás na Gaeltachta.
I Nollaig na bliana 2016, rialaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh Brian Ó Domhnaill, a bhí ina Sheanadóir go dtí an bhliain 2020, gur sháraigh sé reachtaíocht maidir le heitic nuair a d’éiligh sé costais taistil agus cothabhála ar dhá fhoras Stáit éagsúla i leith na ndátaí céanna.
Rialaigh an Coimisiún gur d’aon turas a d’éiligh Brian Ó Domhnaill costais ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ar Údarás na Gaeltachta idir 2006 agus 2007.
Cuireadh naoi líomhain faoi éilimh dhúbailte i leith Uí Dhomhnaill agus dúradh gur thuill sé costais de níos mó ná €2,000 ón Chomhairle Contae agus ón Údarás le freastal ar ócáidí éagsúla a bhain leis an dá eagras le linn na tréimhse sin.
Ina mbreithiúnas, dúirt an Coimisiún nach raibh siad ábalta a rá gur iompair Brian Ó Domhnaill é féin le dea-thoil maidir le ceann ar bith de na líomhaintí a bhí déanta ina éadan.
Cé nach raibh ach suim €2,000 i gceist leis an éileamh dúbailte, bhí costas €455,000 i gceist leis an fhiosrúchán a rinne an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoi na líomhaintí.
Dúirt an Coimisiún gur bhain bunús an chostais sin le táillí dlí a d’eascair ó dhá chás cúirte a ghlac an Seanadóir Ó Domhnaill i leith an fhiosrúcháin.
Bhí an fiosrúchán le bheith ar siúl i Meitheamh 2012 ach cuireadh ar athló é fad is a bhí Ó Domhnaill ag tabhairt a chuid dúshlán cúirte.
In 2014, rialaigh an Ard-Chúirt in éadan iarratas Uí Dhomhnaill go gcuirfí an éisteacht ar athló ar an bhonn gur ó fhoinse anaithnid a rinneadh na líomhaintí an chéad lá riamh.
Theastaigh uaidh fosta gur go dátheangach a dhéanfadh aon bhinse iniúchadh ar a chás.
Mhaígh Ó Domhnaill go mbeadh a chearta mar chainteoir Gaeilge sáraithe dá mbeadh baill den Choimisiún ag brath ar ateangaireacht le linn na héisteachta.
Rinne sé achomharc ina dhiaidh sin ach theip ar a chuid iarrachtaí go gcuirfí moill ar fhiosrúchán an Choimisiúin de bhrí nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Achomhairc.
Chuir an Coimisiún ina leith go raibh iarrachtaí ar bun aige le moill a chur ar an fhiosrúchán.
Dúirt an Coimisiún go bhfuil costais ateangaireachta, aistriúcháin, gearrscríbhneoireachta agus costais eile chúirte san áireamh sa €455,000 a chaith siad ar an fhiosrúchán.
Rialaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh ar an Seanadóir Ó Domhnaill na costais uile a bhain leis an dá chás cúirte a íoc agus dúirt an Coimisiun go mbeadh siad ag dul sa tóir ar Ó Domhnaill leis na costais seo a aisíoc leo.
Tá sé ráite ag an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le Nuacht RTÉ/TG4 anois go bhfuair siad íocaíocht ón Uasal Ó Domhnaill in 2021 mar "shocraíocht dheiridh".
I ráiteas a thug an Coimisiún do Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna inniu, dúradh nach luann "orduithe de chuid na gcúirteanna uachtaracha go sonrach méid na gcostas a bhíonn i gceist idir foirne dlí na bpáirithe in aon chás".
Dúradh fosta go mbíonn "an tsuim bunaithe ar idirbheartaíocht idir na páirtithe agus ar an phróiseas moltóireachta ar chostais".
Dúirt an Coimisiún go ndéanann siad féin bainistiú ar chostais dlí ar bhealach cothrom eiticiúil lena chinntiú go mbíonn na costais ag an leibhéal is ísle.
Chomh maith leis an fhiosrúchán ar chás Uí Dhomhnaill, chaith an Coimisiún €21,300 ar fhiosrúchán faoi líomhaintí a cuireadh i leith iarbhall tofa eile de bhord Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh.
Dúirt an Coimisiún le Nuacht RTÉ/TG4 gur bhain "an costas uile leis an ghnáthobair a rinne baill foirne leis an ghearán a imscrúdú (tuarastail i gcomhair an ama a caitheadh srl.)" agus dá bharr sin nach raibh aon dualgas ar an Uasal Ó Dochartaigh aisíocaíocht a dhéanamh.
Léiríonn eolas a fuair Nuacht RTÉ/TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur éiligh Údarás na Gaeltachta suim de €1,032 ón Uasal Ó Dochartaigh i Samhain 2014 mar aisíocaíocht agus gur díoladh an t-airgead sin ar ais láithreach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ