Tá sé ráite ag na póilíní sa Tuaisceart gur coirpigh ón bpobal Protastúnach a bhfuil baint acu le heasaontóirí poblachtacha is ea cuid den drong a chreideann siad a rinne iarracht ar bhleachtaire sinsearach a mharú san Ómaigh an tseachtain seo caite.
Dúirt an tArdchonstábla Cúnta Mark McEwan go bhfuil na coirpigh seo i gconradh ceilge le heasaontóirí poblachtacha le tamall fada ach nach bhfuil siad bainteach le paraimíleataigh dhílseacha.
Is ón bpobal Protastúnach ceathrar den ochtar fear a ghabh na póilíní faoin ionsaí lámhaigh a rinneadh ar an mbleachtaire sinsearach John Caldwell taobh amuigh d'ionad spóirt agus áineasa san Ómaigh Dé Céadaoin seo caite.
Gortaíodh é go han-dona agus deirtear go bhfuil drochbhail air san ospidéal fós.
Creideann na póilíní gur baill den ghrúpa dá ngairtear an tIRA Nua a théaltaigh aníos chuige agus a lámhach é.
Go deimhin, mhaígh an grúpa sin i bhfógra clóbhuailte a greamaíodh de bhalla sa Chreagán i gcathair Dhoire, mhaígh siad gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí.
Dé Luain seo caite, d'eisigh na póilíní íomhánnna ó cheamaraí slándála den Ford Fiesta gorm a thiomáin lucht an ionsaithe go dtí an Ómaigh.
Fuarthas dóite ina dhiaidh sin í ar Bhóthar Ráth Cholpa cúpla ciliméadar soir ón Ómaigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ