Dhá lá tar éis na timpiste traenach sa Ghréig inar maraíodh beagnach leathchéad duine agus inar gortaíodh na scórtha, tá sé admhaithe ag Rialtas na Gréige go bhfuil faillí déanta le rófhada i mbainistiú ghréasán iarnróid na tíre.
Dhearbhaigh an rialtas go bhfiosrófaí, i bhfianaise na tubaiste, cén fáth a raibh an oiread moille ar oibreacha feabhsúcháin ar an iarnród.
Is dothuigthe fós an mhoill, a deirtear, ó dhíol Rialtas na Gréige comhlacht iarnróid an stáit le comhlacht stáit na hIodáile in 2017 le súil go n-infheisteofaí na céadta milliún euro sa ghréasán.
Go deimhin, d'éirigh Aire Iompair na Gréige as oifig inné ós air, a dúirt sé, a bhí an fhreagracht pholaitiúil as cúrsaí iarnróid.
Maraíodh 48 duine ar a laghad agus gortaíodh os cionn trí scór nuair a bhuail traein lastais agus traein paisineirí faoina chéile agus iad faoi mhórluas soir ó thuaidh ó chathair Larissa i lár na Gréige arú aréir.
De bharr gur dódh go leor de na coirp, ní fios go barainneach fós cé mhéad duine a maraíodh.
Meastar go bhfuil go leor daoine óga – mic léinn a mbunáite – i measc na marbh.
Tuairiscíodh inné gur cúisíodh máistir stáisiúin Larissa i mórfhaillí arbh é ba chionsiocair le bás an 48 duine ach gur mhaígh sé féin gur fabht teicniúil ba chúis leis an tionóisc.
Tuairiscítear inniu, ámh, gur admhaigh an máistir stáisiúin – fear 59 bliain – go raibh sé faillíoch ina ndualgais.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ