skip to main content

Lucht dóiteáin i gCiarraí ag dul i ngleic le 56 tine le trí lá

56 tine i gCiarraí le trí lá
56 tine i gCiarraí le trí lá

B'éigean do chriúnna dóiteáin i gCiarraí 56 tine a cheansú le trí lá anuas. Deir Comhairle Contae Chiarraí go gcuireadh brú damanta ar a gcuid criúnna agus iad ag freastal ar thinte sléibhe, tinte coille agus tinte portaigh.

D’fhreastail na criúnna ar 14 tine ar an nDomhnach, 18 tine Dé Luain agus 24 tine eile inné.

B’éigean do Bhriogáid Dóiteáin an Daingin tine mhór a cheansú i nDún Chaoin aréir. Chuir an tine a bhí imithe ó smacht roinnt tithe i mbaol.

Bhí aonad dóiteáin an Daingin ar an gcnoc ar 4 a chlog tráthnóna agus b’éigean fios a chur ar aonaid ó Thrá Lí agus ó Chill Orglan chun lámh chúnta a thabhairt dóibh.

Bhí ar na fir dóitéain gabháil trí thalamh achrannach agus buailteoirí a úsáid chun an tine a mhúchadh.

Leanadar orthu ag ceansú na tine isteach in am marbh na hoíche. Bhí an tine fós ag dó ar shleasa arda an chnoic ar maidin.

Roinnt tithe curtha i mbaol ag tinte sléibhe i gCiarraí

Tugann feirmeoirí tine do chnoic chun féar a spreagadh agus chun cloí le coinníollacha intofachta talún d'fhonn deontais talmhaíochta a tharrac.

Tá cead talamh a dhó ó dheireadh mhí Lúnasa go tosach an Mhárta ach tá an tine seo imithe ó smacht.

Dúirt ceannasaí Bhriogáid Dóiteáin an Daingin, Breandán Feirtéar, go raibh brú mór ar a chuid fear aréir:

"Tine mhór millteach ab ea í agus bhí ana-jab againn í a cheansú. Bhí sí ag dul i dtreo cúpla tigh go raibh crannaíocha ag fás timpeall orthu, ach buíochas le Dia d’éirigh linn a cúrsa a aistriú, agus dhóigh sí suas an cnoc i gcoinne an aoird."

Bhí tinte eile le ceansú ag na seirbhísí dóiteáin i gCiarraí aréir – in Inse, ar Shliabh Mis, ar leithinis Uíbh Ráthaigh agus i gcomharsanacht na Snadhma.

Ón lá inniu amach go dtí deireadh mhí Lúnasa tá cosc ar thinte sléibhe a lasadh. Tá an Roinn Oidhreachta ag tathant ar an bpobal tuairisciú a dhéanamh ar dhó mhídhleathach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ