skip to main content

PayPal le 62 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil

PayPal le 62 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil
PayPal le 62 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil

Tá an comhlacht íocaíochtaí digiteacha PayPal le 62 fostaí in ionaid an chomhlachta i mBaile Átha Cliath agus i nDún Dealgan a ligean chun siúil.

35 duine in ionad Baile Átha Cliath agus 27 duine in ionad Dhún Dealgan a bheas thíos leis.

D'fhógair an comhlacht inniu chomh maith go ndúnfaí an t-ionad i nDún Dealgan ar an 31 Márta agus go mbeadh an fhoireann ag obair ón mbaile ina dhiaidh sin.

Dúradh freisin go raibh rún ag an gcomhlacht an t-ionad i mBaile Cúlann in iarthuaisceart Átha Cliath a dhíol agus an fhoireann a aistriú go hoifig níos lú i lár na cathrach.

Dúirt PayPal gur oibrithe ar conradh atá fostaithe ag comhlachtaí eile is ea na daoine atá le ligean chun siúil i nDún Dealgan.

Tugadh le fios go ndearnadh an cinneadh i bhfianaise na socruithe nua oibre atá tugtha isteach ar fud an domhain le trí bliana mar an gheall ar an bpaindéim.

Gealladh go mbeadh an comhlacht dílis don tír seo i gcónaí agus nach raibh aon phost eile i mbaol.

Thart ar 2,100 atá fostaithe ag PayPal in Éirinn faoi láthair.

I dtús na bliana, d'fhógair PayPal go mbeifí ag ligean chun siúil thart ar 2,000 duine in ionaid éagsúla an chomhlachta ar fud an domhain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ