skip to main content

Imní faoi dhaoine a bheith ar an uaigneas i ndiaidh na paindéime

"Daoine éirithe clóite le heaspa caidrimh"
"Daoine éirithe clóite le heaspa caidrimh"

Tá an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte ag moladh do dhaoine aosta filleadh ar a sean-nósanna, teacht suas lena gcairde agus a ndaoine muinteartha arís, agus an saol a bhí ann i gcaitheamh na paindéime a fhágáil ina ndiaidh.

I litir oscailte, comhairlíonn an tOllamh Breda Smyth do sheanóirí tabhairt faoi na caithimh aimsire is ansa leo an athuair in áit a bheith ag déanamh lionn dubh in uaigneas.

Ag breathnú siar agus ag trácht ar na srianta sóisialta a tugadh isteach i dtús na paindéime a bhí an tOllamh Smyth agus feachtas úr á sheoladh le súil tathant ar dhaoine comhluadar a choinneáil le chéile arís.

Trí bliana go ham seo, ar an 29 Feabhra 2020 – bliain bhisigh – a deimhníodh an chéad chás de Covid-19 sa Stát agus achar gairid ina dhiaidh sin is ea a ordaíodh do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan cuimilt a bheith acu le daoine eile.

Cosc a chur ar fhorleathadh an ghalair agus an oiread daoine agus ab fhéidir a choinneáil amach ó na hospidéil ba chionsiocair leis an ordú ach d'fhág sé go leor daoine ar an uaigneas freisin.

An tOllamh Breda Smyth

Níor cuireadh deireadh le srianta sóisialta go dtí Eanáir na bliana seo caite agus dealraíonn sé go bhfuil neart seandaoine – thar aon dream eile – go bhfuil an dáimh a bhí acu le daoine eile caillte acu agus go bhfuil siad éirithe clóite leis an easpa caidrimh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an geiriatraí comhairleach an Dr Rónán Collins le fios nach daoine aosta amháin a bhí agus atá fós mar Oisín i ndiaidh na Féinne, agus dúirt gur thit an t-anrud daoine óga i logán an lagmhisnigh de bharr na srianta sóisialta chomh maith.

Ó tá an giorria curtha ina shuí, arsa an Dr Collins, b'fhiú breith ar an bhfaill agus díospóireacht níos leithne faoi cheist an uaignis sa tsochaí a chur sa siúl.

Mhol sé tuilleadh caidrimh idir na glúinte a chothú – óg agus críonna – ar mhaithe leis an dá dhream ó tá an onóir ag an aois agus an uaisle ag an óige!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ