skip to main content

36 duine maraithe i dtimpiste traenach sa Ghréig

Láthair na tubaiste in aice le cathair Larissa sa Ghréig
Láthair na tubaiste in aice le cathair Larissa sa Ghréig

Sa Ghréig, maraíodh 36 duine ar a laghad agus gortaíodh os cionn trí scór nuair a ghread traein lastais agus traein paisineirí in éadan a chéile faoi mhórluas aréir.

Is i ngleann soir ó thuaidh ó chathair Larissa i lár na tíre a tharla an tubaiste.

Bhí an traein paisinéirí ar a bealach ón Aithin go Teasaloinicé i dtuaisceart na Gréige ag an am agus bhí an traein lastais ar a bealach ó Theasalóinicé go Larissa.

Tuairiscítear gur imigh an chéad cheithre charráiste den traein paisinéirí, gur imigh siad de na ráillí de bharr an bhrúscáin.

Is cosúil freisin go ndeachaigh an chéad dá charráiste trí thíne agus gur bheag nár scriosadh go huile agus go hiomlán iad.

D'imigh an chéad cheithre charráiste den traein paisinéirí de na ráillí

Bhí 350 paisinéir ar an traein agus creidtear gur tugadh 250 acu slán.

Ní fios fós cén fáth a raibh an dá thraein ar na ráillí céanna.

Tá máistir stáisiúin Larissa gafa agus cúisithe ag na póilíní maidir leis an tubaiste.

Is é a bhí freagrach as an gcóras comharthaíochta ar an iarnród, agus tá sé curtha ina leith gurbh é a mhórfhaillí ba chionsiocair le bás an 36 duine agus leis na gortuithe a bhain do na scórtha eile.

Tá sé séanta aige nach raibh aon bhaint aige leis an tionóisc agus dúirt go mb'fheidir gur fabht teicniúil ba chúis leis.

Deirtear go bhfuil córas iarnróid na Gréige seanchaite agus go bhfuil géarghá lena nua-aoisiú.

Dhíol Rialtas na Gréige comhlacht iarnróid an stáit le comhlacht stáit na hIodáile in 2017 le súil go n-infheisteofaí na céadta milliún euro i gcúrsaí bonneagair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ