Mhaígh Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak go mbeadh Tuaisceart Éireann ar an limistéar eacnamaíochta is bríomhaire ar domhan ach an comhaontú nua Breatimeachta a chur i bhfeidhm agus forais Stormont a athbhunú in éineacht.
Ag labhairt a bhí Rishi Sunak le fostóirí agus fostaithe i monaracha Coca Cola i Lios na gCearrbhach, Co Aontroma, ar maidin inniu.
Dúirt sé go raibh sé ríméadach faoi Chreat Windsor, mar atá baiste ar an margadh a rinne an Bhreatain agus an tAontas Eorpach inné.
Bheadh fáil ag muntir an Tuaiscirt ar mhargadh na Ríochta Aonaithe agus ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh araon dá nglacfaí leis an gcomhaontú, faill nach bhfuil ag aon dream eile ar domhan, arsa an Príomh-Aire.
Sin an duais mhór eacnamaíochta atá le gnóthú, a dúirt sé.
Ina óráid impíoch, mhaígh Rishi Sunak gur chreid sé "gan focal bréige" go dtugann Creat Windsor aghaidh ar an imní atá ar aontachtaithe faoi Phrótacal an Tuaiscirt.
Tharraing sé aird chomh maith ar an gcead neamhghnách a bheadh ag aontachtaithe agus páirtithe eile dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh nach dtaitníonn leo a chrosadh.
D'fhágfadh sin, ar sé, gur "agaibhse a bheadh an chumacht".
Dúirt Rishi Sunak freisin go léiríonn an t-ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach i gCo Thír Eoghain an tseachtain seo caite, go léiríonn sé an géarghá atá le cobhsaíocht pholaitíochta sa Tuaisceart.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ