Tá Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak tagtha go Béal Feirste le haghaidh comhráite le páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt faoin gcomhaontú nua Breatimeachta a bhfuil Creat Windsor baiste air.
Tiocfaidh an margadh nua in áit Phrótacal an Tuaiscirt, má thagann, agus de réir ar fógraíodh inné, cuirfear ar ceal bacainní trádála idir an Bhreatain agus an Tuaisceart, agus ceadófar do pholaiteoirí i dTionól Stormont dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh a chrosadh i gcúinsí áirithe.
Cé go mbeidh baint i gcónaí ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach le ceisteanna trádála, beidh cead ag Tionól Stormont aon athruithe ar na rialacha a dhiúltú.
Rinneadh an margadh le súil go mbunófaí an athuair Tionól agus Feidhmeannas Stormont atá ar fionraí le bliain.
Tharraing aontachtaithe an DUP amach as forais Stormont anuraidh mar agóid i gcoinne an phrótacail.
Tá an DUP ag ceasacht ar an margadh nua freisin, áfach.
Dúirt ceannaire an pháirtí Jeffrey Donaldson tar éis go raibh dul chun cinn suntasach déanta go raibh imní air fós faoi ghnéithe ar leith dá bhfuil socraithe.
Thug sé le fios go ndéanfadh aontachtaithe a marana ar a bhfuil i gCreat Windsor sula ndéanfaidís aon chinneadh faoi pháirt a ghlacadh i bhforais Stormont arís.
Dealraítear freisin go mbeidh deis ag feisirí parlaiminte Wesminster vóta a chaitheamh ar an margadh ach ní dúradh fós cén uair.
Dar leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney gur cor thar a bheith dearfach atá sa chomhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Coveney gur chóir do dhaoine aga a chaitheamh leis agus nár chóir aon dream a chiapadh chun glacadh leis.
Mhaígh sé mar sin féin go léiríonn a bhfuil sa mhargadh go ndearna idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh a seacht ndícheall déag dul i ngleic leis na ceisteanna a bhí ag déanamh imní d'aontachtaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ