skip to main content

"Údar misnigh" agus "comharthaí dearfacha" le brath ar Chreat Windsor

Ceisteanna le réiteach fós faoi "cheannas agus flaitheas" - Caomhaigh.
Ceisteanna le réiteach fós faoi "cheannas agus flaitheas" - Caomhaigh.

Deir David C. Bannerman, iar-Fheisire Eorpach, iar-cheannaire ar UKIP agus ball den Tory Reform Group go bhfuil "údar misnigh" agus "comharthaí dearfacha" le brath ar an margadh atá déanta faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann, a bhfuil Creat Windsor le tabhairt feasta air.

Deir sé gur céim chun cinn teicniúil iad na lánaí glasa agus dearga ach deir sé go bhfuil míshuaimhneas ar Aondachtóirí Caomhacha faoi fhlaitheas mar go mbeidh dlí na hEorpa fós i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.

Beidh rialacháin tráchtála fós ag teacht ón mBruiséil a deir sé agus tá ábhar fós le deimhniú creideann sé le Aondachtóirí a shásamh.

Deir David Bannerman gur comhghuaillithe iad an Tory Reform Group agus an DUP agus deir sé go bhfuil sé ag cur as go mór don pháirtí dílseach sin go mbeidh ceannas i gcónaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.