skip to main content

Íomhánna foilsithe den charr a bhí ag an dream a rinne ionsaí gunna ar oifigeach póilíní

An Ford Fiesta gorm a bhí ag an mbeirt a rinne ionsaí gunna ar an oifigeach John Caldwell.
An Ford Fiesta gorm a bhí ag an mbeirt a rinne ionsaí gunna ar an oifigeach John Caldwell.

Tá físéan TCI den charr a bhí ag an dream a rinne ionsaí gunna ar oifigeach sinsearach sna póilíní ó thuaidh an tseachtain seo caite foilsithe ag an PSNI.

Ag preasócáid tráthnóna dúirt an tArdcheannfort Bleachtairí Éamonn Corrigan gur ceannaíodh an carr i mBealach Cláir in Aontroim an 8ú Feabhra.

Tá na póilíní ag iarraidh a fháil amach a deir sé cá raibh an carr coinnithe ó shin.

Deir an PSNI gur tiomáineadh an Ford Fiesta gorm, agus plátaí bréige uirthi, siar ó dheas ar an M a 1 - an mótarbhealach idir Dún Geanainn agus Béal Feirste – Dé Máirt, an oíche sular déanadh an t-ionsaí.

Scaoil beirt piléir as gunnaí leis an bPríomhchigire John Caldwell, a bhfuil drochbhail fós san ospidéal air.

Caitheadh 10 gcinn de philéir a deir póilíní. Bhuail péire acu feithiclí eile san áit a raibh an Cigire Caldwell páirceáilte ag spórtlann agus cluiche sacair faoi aois ar bun san oíche Dé Céadaoin.

Tá £20,000 de luach saothair á thairiscint ar aon eolas a chiontódh an dream a ba chúis leis an ionsaí.