Tá Uachtarán Choimisiún na hEorpa le casadh le Príomhaire na Breataine inniu ag cainteanna i gCaisleán Windsor i Londain.
"Le clabhsúr a chur leis an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht" a deir Uimhir a 10 Sráid Downing atá Ursula von der Leyen ag bualadh le Rishi Sunak.
Má éiríonn leis na ceannairí socrú a dheimhniú, caithfear ansin Lucht an Bhrexit sa bPáirtí Caomhach agus an DUP a shásamh, tar éis don dá dhream sin fainic a chur ar lucht na gcomhráití arís inné nach ngéillfí d'aon ní a sháródh a gcuid "línte dearga".
Más fíor d’urlabhraí an Phríomhaire tá roinnt ábhair fós le réiteach ag Sunak agus von der Leyen, ach meastar i Londain nach mbeidh ann ach daingniú ar athbhreithniú ar an bPrótacal a haontaíodh nuair a bhí Boris Johnson i gceannas.
Creidtear nach mbeidh aon athrú mór ar mhódh trádála Thuaisceart Éireann leis an Aontas Eorpach - trasna na teorann ar oileán na hÉireann – ná le tráchtáil an réigiúin leis an mBreatain Mhór; ach deimhneofar feidhmiú na gcóras le bacanna seiceála trasna Mhuir Éireann a mhaolú: Gné chinniúnach den phlean a bhí ag Johnson, agus gné a d’fhág an DUP agus leithéid an European Research Group (ERP) sna Tóraithe ar mire.
San iarnóin a bheidh Sunak i mbun cruinniú airí rialtais in Uimhir a 10 agus tá preasócáid beartaithe ina dhiaidh ag a gcuirfidh sé féin agus von der Leyen na beartais os comhair na meán.
As sin rachaidh an Príomhaire go Teach na dTeachtaí le tabhairt faoin obair anróiteach leis an dream atá ag tarraingt na gcos a mhealladh.