Tá ceannairí na bpríomhpháirtithe polaitiúla ó thuaidh le casadh le Príomhchonstábla na bPóilíní le léargas a fháil ar chaitheamh an Phríomhchigire Bleachtaire John Caldwell ar an Ómaigh arú aréir.
Tá an bleachtaire gortaithe go han-dona tar éis ionsaí gunna a déanadh air os comhair a mhic óig tar éis chluiche sacair faoi-aois ag spórtlann ar Bhóthar Choillidh Chlochair i dTír Eoghain san oíche Dé Céadaoin.
Tá an póilín tar éis a ghabháil faoi scian agus tá bail sheasmhach air san ospidéal.
Ceathrar san iomlán anois atá gafa faoin ionsaí.
Tógadh fear 22 bliain d'aois aréir in Oileán an Ghuail agus tá sé á cheistiú faoi láthair.
Gabhadh triúr fear inné – 38, 45 agus 47 bliain d’aois. Ar an Ómaigh agus in Oileán an Ghuail a gabhadh an triúr.
Deir na póilíní gur ag díriú ar easaontóirí poblachtacha an 'IRA Nua’ atá an fiosrúchán.