skip to main content

Triúr fear gafa faoin ionsaí san Ómaí

An Príomh Chigire John Caldwell
An Príomh Chigire John Caldwell

Tá triúr fear gafa anois ag an PSNI faoin ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach san Ómaí i gCo.Thír Eoghain aréir.

Lámhachadh an Príomh-Chigire John Caldwell roinnt mhaith babhtaí agus tá bail chriticiúil air san ospidéal.

Ní raibh John Caldwell ar dualgas ag an am.

Bhí roinnt ógánach faoina chúram ag ionad spóirt , a mhac fhéin san áireamh, nuair a tharla an t-ionsaí air.

Deir póilíní an PSNI go bhfuil amhras orthu gur easaontóirí Poblachtacha a bhí freagrach as an ionsaí.

Bhí púicíní á gcaitheamh ag na fir a rinne an t-ionsaí agus d'éalaigh siad leo i ngluaisteán dubh.

Fuarthas an gluaisteán dóite amach ina dhiaidh sin.

38 bliain, 45 bliain agus 47 bliain d'aois atá na fir atá gafa.

Tá siad á gceistiú ag stáisiúin póilíní san Ómaí agus in Oileán an Ghuail.