skip to main content

"Ionad nua cóireála séarachais ag teastáil in iarthar an Chláir"

Séarachas in Abhainn Eidhneach, Co an Chláir
Séarachas in Abhainn Eidhneach, Co an Chláir

Tá achainí déanta ar Uisce Éireann ionad nua cóireála séarachais a thógaint ar bhonn práinne in iarthar an Chláir.

Deir comhairleoir áitiúil ansan go bhfuil séarachas neamhchóireáilte ag sceitheadh amach as an seanionad cóireála in Inis Díomáin agus ag dul síos trí Abhainn Eidhneach go dtí an Leacht.

Tá stádas brait ghoirm ag trá an Leachta ach dar leis an gComhairleoir Liam Grant go bhfuil daoine á mbualadh breoite ag an mbaictéar e.coli de bharr dhroch-chaighdeán an uisce.

Deir sé chomh maith go bhfuil stádas éiceolaíochta na habhann agus an cheantair á chur i mbaol ag an sceitheadh séarachais.

"Tá sé seo tarlaithe go minic le blianta anuas. An mhí seo caite amháin, measaim gur sceith an séarachas isteach san abhainn suas le naoi mbabhta", a dúirt an Comhairleoir Grant.

Dúirt Uisce Éireann go dtarlaíonn "eachtraí" tar éis drochaimsire nó nuair a theipeann ar threalamh, ach go ngníomhaíonn an fhoireann chomh tapaidh agus is féidir leo chun an locht a chur ina cheart.

Mhaígh an comhlacht chomh maith go bhfuil sé beartaithe acu ionad nua cóireála séarachais a thógaint do cheantar Inis Díomáin agus an Leachta, ach ná fios cathain a bheidh san tugtha chun críche.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ