skip to main content

Google le 240 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil

Ceanncheathrú Eorpach Google, Dug na Canálach Móire, Baile Átha Cliath
Ceanncheathrú Eorpach Google, Dug na Canálach Móire, Baile Átha Cliath

Tá sé fógartha ag an ollchomhlacht teicneolaíochta Google go bhfuil siad le 240 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil.

Sin thart ar 4.4% de na 5,500 duine atá fostaithe ag Google sa tír seo.

Cuireadh an scéal in iúl i ríomhphost don fhoireann inniu, agus dúradh leo go gcuirfí tús amárach le "comharphróiseas comhairliúcháin".

Tugadh le fios gur ó na rannóga díolacháin, teicneolaíochta agus innealtóireachta, agus tacaíochta a ligfí na oibrithe chun siúil.

An mhí seo caite, d'fhógair Alphabet – máthairchomhlacht Google – go raibh siad 12,000 post in áiteanna éagsúla ar fud an domhain "a chur ar ceal".

Ag an am, dúirt Sundar Pichai, príomhfheidhmeannach Alphabet, go raibh sé dóchasach faoina raibh i ndán don chomhlacht a bhuíochas sin don infheistíocht a rinne siad in Intleacht Shaorga i bhfíorthús a forbartha, i measc rudaí eile.

Mar sin féin, tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó san earnáil le roinnt míonna – leithéidí Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Microsoft, Google, Salesforce, PayPal agus HubSpot a bhfuil ionaid acu ar fad in Éirinn.

Ina ainneoin sin, deir an Rialtas go bhfuil bonn láidir faoin earnáil teicneolaíochta sa tír seo i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ