skip to main content

Costas mórdhíola go hidirnáisiúnta laghdaithe go mór ach beidh mí eile ann sula laghdóidh praghas an leictreachais.

Chuir Pinergy 18% sa mbreis ar bhillí mí na Nollag, an 7ú ardú le 2 bhliain.
Chuir Pinergy 18% sa mbreis ar bhillí mí na Nollag, an 7ú ardú le 2 bhliain.

Is iad Pinergy an chéad soláthróir leictreachais atá chun a gcuid praghasanna a laghdú ó thosaigh an costas mórdhíola ar na margaí idirnáisiúnta ag maolú.

Deir an chuideachta gur 7.1% de laghdú ar an meán a bheidh i gceist don 30,000 custaiméir atá acu.

Tá a gcuid billí ardaithe 7 n-uaire ag Pinergy le 2 bhliain anuas. Mí na Nollag a d'fhógair siad an t-ardú is deirní, 18% d’ardú.

Deir siad inniu go dtiocfaidh an laghdú i bhfeidhm ón 31ú Márta ar aghaidh agus measann siad gur €183 de laghdú sa mbliain a bheas ann ar ghnáth-theaghlach.

Deir saineolaithe go raibh praghasanna Pinergy níos airde ná cuid mhaith soláthróirí eile leictreachais. Tá siad 8% níos airde ná Electric Ireland, an soláthróir is mó sa tír.

Fiú leis an maolú go domhanda deir Pinergy go bhfuil an costas mórdhíola fós 3 oiread an méid a bhí sé i 2019 agus deir siad go bhfuil "gá fós le leasuithe ar an margadh" agus go gcaithfidh lucht rialtais agus lucht riaracháin tabhairt faoi sin "le cuidiú le lucht ginte agus lucht soláthair san margadh."

Méadóidh an brú anois ar chuideachtaí eile a gcuid praghasanna a ísliú freisin.

Tá 41% de laghdú tagtha ar an gcostas mórdhíola le ráithe agus tá an costas anois níos ísle ná mar a bhí sé sular thosaigh an chogaíocht san Úcráin.