Caithfear cabhrú níos fearr le mná atá ag iompar clainne, fáil a bheith acu ar an druga a mhaolaíonn tinnis cinn, masmas agus urlacan, a deir grúpa feachtais.
Deir lucht feachtais agus polaiteoirí gur beag bean atá in acmhainn an cógas Cariban a chaitheamh de bharr go gcosnaíonn sé €3,000 thar thréimhse an toirchis.
Dúirt an Teachta Dála leis na Daonlathaigh Sóisialta Jennifer Whitmore ag preas ócáid ar maidin go bhfuil an druga ag teip ar mhná seachas a bheith ag cabhrú leo.
Cé gur fáiltíodh roimh an fhógra sa Bhuiséad dheireanach go mbeadh cabhair airgid ar fáil tríd an Scéim Íocaíochta Drugaí dóibh siúd atá ag brath ar Cariban, dúirt Jennifer Whitmore go bhfuil mionsonraí na scéime ag cur tuilleadh mearbhaill ar mhná.
Le bheith i dteideal na scéime, caithfidh mná a gcéad oideas don chógas a fháil ó chnáimhseoir comhairleach.
Dúirt an Teachta Whitmore go bhfuil seo ag goilleadh go mór ar mhná a bhfuil an tinneas orthu, chomh maith le dochtúirí teaghlaigh, dochtúirí comhairleacha agus poitigéirí.
Dúirt an Teachta Whitmore go mbíonn ar mhná fanacht 12 seachtain uaireanta le coinne a fháil le cnáimhseoir comhairleach, ainneoin gur féidir leis an tinneas teacht ar bhean sa cheathrú seachtain dá toircheas.
Bíonn ar roinnt ban dul chuig rannóga éigeandála na n-ospidéal leis an druga a fháil.
Tá an lucht feachtais ag iarraidh ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly bualadh le hionadaithe ón ghrúpa lena chinntiú go mbeidh fáil níos éasca ar an chógas Cariban faoin Scéim Íocaíochta Drugaí.