Tá sé fógartha ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil Bord agus Cathaoirleach eatramhach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta.
Tá seachtar comhaltaí den dá chomhalta dhéag atá le bheith ar an mBord nua ceaptha, rud a chiallaíonn go mbeidh córam anois ag an mBord agus go mbeidh ar a chumas feidhmiú.
Is tríd chomórtas poiblí atá á riar ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a cheapfar na comhaltaí eile. Beidh go dtí an 2 Márta ag an phobal cur isteach ar na folúntais sin.
Ní mhairfidh tréimhse na gcomhaltaí a cheapfar ar an mbord buan níos faide ná dhá bhliain ó tharla go bhfuil sé i gceist gur le toghchán a cheapfar na baill ón bhliain 2025 ar aghaidh. Tréimhse cúig bliana a bhíodh ag comhaltaí roimhe seo.
Is í iarcheannasaí airgeadais agus gnó TG4, Mary Uí Chadhain a bheidh ina cathaoirleach sealadach ar an mBord go dtí go bhfógrófar torthaí an chomórtais phoiblí.
Is í Debra Ní Shúilleabháin an t-aon iar-chomhalta eile atá athcheaptha ar an mBord.
Is iad Pádraig Mac an Iomaire (Co. na Gaillimhe); Anthony Molloy (Co. Dhún na nGall); Pádraic Ó Conaire (Co. Mhaigh Eo); Breandán Mac Gearailt (Co. Chiarraí) agus Joe Conway (Co. Phort Láirge) an cúigear comhalta atá ainmnithe ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu.
Fanfaidh na comhaltaí seo ar an mBord buan.
Tosóidh tréimhse Joe Conway, ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar an 1 Márta 2023. Is í Gobnait Ní Mhuineacháin, ainmniúchán Chomhairle Contae Chorcaí, a bheidh ina comhalta go dtí sin.