skip to main content

An t-údar Deirdre Purcell tar éis bháis

An t-údar Deirdre Purcell tar éis bháis
An t-údar Deirdre Purcell tar éis bháis

Tá an t-údar agus an craoltóir Deirdre Purcell tar éis bháis.

Chaith sí blianta ag obair leis an gcraoltóir náisiúnta RTÉ agus ba í an chéad bhean í a chur an clár nuachta 'Nine o'clock news' i láthair ar an stáisiún.

Scríobh sí roinnt mhaith úrscéalta, ina measc 'Falling for a Dancer' a ndearnadh leagan teilifíse de i 1998.

Bhí sí ina haisteoir freisin le hAmharclann na Mainistreach sula ndeachaigh sí ag obair le RTÉ.

Maireann a fear céile, Kevin Healy agus beirt mhac léi, Adrian agus Simon Weckler.