Tá árthach eile tugtha go talamh ag aerfhórsa na Stát Aontaithe.
Scaoil eitleán cogaidh dá chuid leis an árthach neamhaitheanta seo a bhí ar foluain inné os cionn Loch Huron ar an teorainn le Ceanada.
Seo an 3ú goireas atá curtha ó mhaith ag na Stáit Aontaithe ón Aoine seo caite.
Deir oifigigh leis an Pentagon nach bhfuil a fhios acu céard go baileach a bhí sna goiris seo ná céard a bhí ar bun acu i limistéar aerspás Mheiriceá.
Tá amhras á chaitheamh ar Rialtas na Síne, agus gurb iad atá freagrach as na goiris seo.
Deir Meiriceá go mba leis an tSín an balún faireachais a scriosadh amach ó chósta thoir na Stát Aontaithe breis is seachtain ó shin i ndiaidh dhó an tír a thrasnú.