Tá imní agus mí-fhoighid ar Chomhairle na hÉireann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta go bhfuil mic léinn a bhí ag freastal ar Theach Idirnáisiúnta na Gaillimhe fós i gcruachás agus nach bhfuil aon áit eile ar fáil dóibh lena gcúrsa a chríochnú.
Deir an Chomhairle go bhfuil sé ag tarraingt droch-cháil ar Éirinn ó thaobh an oideachais dhe.

Tá sé coicís ó d'imigh Teach Idirnáisiúnta na Gaillimhe faoi leachtú thar oíche, scoil teanga a chuir cúrsaí Béarla agus cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí a bhí ag iarraidh béarla a mhúineadh mar theanga iasachta ar fáil ó 2015.
Bhí breis is 200 mac léinn théis clárú do chúrsaí i Teach Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus táillí íoctha acu.

Tá imní agus frustachas léirithe ag Comhairle na hÉireann do mhic léinn idirnáisiúnta go bhfuil roinnt dá gcuid mic léinn fagtha gan aon réiteach, gan cúrsaí eile curtha ar fáil mar rogha dóibh ná aisíocaíocht faighte acu mar gur dúnadh an scoil.
Bhí árachas ar a dtugtar cosaint foghlamtha íoctha ag roinnt do na mic léinn ar a gcuid cúrsaí ach deir roinnt eile nár cuireadh ar an eolas iad faoina leithéid nuair a d'íoc siad ar chúrsaí.
Dúirt Laura Harmon, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Comhairle na hÉireann do Mhic léinn idirnáisiúnta gur cheart go mbeadh mic léinn curtha ar an eolas faoi chúrsaí árachais ag an scoil.
Deir sí freisin go d'tarraingóidh an méid atá tar éis tarlú droch-cháil ar an tír mar thír oideachais do mhic léinn idirnáisiúnta agus go gcaithfear a chinntiú go n-íocfar ar ais na mic léinn uilig nach bhfuil cúrsaí curtha ar fáil dóibh.
Tá an Chomhairle ag iarraidh go mbeadh monatóireacht rialta á dhéanamh ar scoileanna teanga agus go gcaithfidís cúntaisí a chur ar fáil do leithéid an Ombudsman le taispeáint go bhféadfaidh siad cúrsaí a chur ar fáil sula bhfógrófar iad.
Deir an Chomairle go gcaithfidh an Rialtas marc cáilíochta san oideachas a thabhairt isteach in Éirinn le cúrsaí agus soláthróirí a chaighdeánú.
I ráiteas do Nuacht TG4 deir Aontas na Mac Léinn do fhoghlaimeoirí Béarla go bhfuil sé ráite acu leis an Rialtas cúrsaí i scoileanna teanga a chur ar fionraí go mbeidh siad cinnte go bhfuil lóistín atá feiliúnach do mhic léinn idirnaisiúnta ar fáil sula bhfógrófar cúrsaí.
Aineoinn iarrachtaí a bheith déanta ag Seomra na Nuachta inniu teagmháil a dhéanamh le Teach Náisiúnta na Gaillimhe ní raibh aon fhreagra ó lucht na scoile.
Bedih tuilleadh faoin scéal sin ag Aodhán Ó Maoileoin ar Nuacht TG4 ag 1900.