skip to main content

Gardaí tar éis an múinteoir a chur amach as seomra sna Ceithre Cúirteanna tar éis dó diúltú d'iarratas breithimh

€10,500 san iomlán an fhíneáil atá gearrtha ar an múinteoir scoile go dtí seo.
€10,500 san iomlán an fhíneáil atá gearrtha ar an múinteoir scoile go dtí seo.

Tá Gardaí tar éis an múinteoir scoile Enoch Burke a chur amach as seomra cúirte sna Ceithre Cúirteanna tar éis dó diúltú d'iarratas ón mbreitheamh an seomra a fhágáil.

Bhí Enoch Burke tagtha chun na cúirte in ainneoin go raibh an cás a bhain leis curtha siar.

Bhí sé ag iarraidh a dúirt sé aird a tharraingt sa gcúirt ar an moill a deir sé atá ar dháta a shocrú d’éisteacht ag a bpléifear mionnscríbhinní ceartaithe atá curtha faoi bhráid na cúirte ag an scoil ina mbíodh sé fostaithe, Ospidéal Wilson i gCo na hIarmhí.

Dúirt an Breitheamh Brian O’Moore go mbeadh ríomhphost faoin ábhar sin á sheoladh ag na páirtithe sa gcás níos deirní inniu, agus nach dtabharfadh sé cluas don Uas Burke inniu i dteach na cúirte.

Bhí os cionn 50 cás os a chomhair inniu a dúirt an Breitheamh O’Moore.

Lean an Búrcach air ag caint sa gcúirt agus d’imigh an breitheamh.

D’fhan Enoch Burke i seomra na cúirte, i dteannta a dheirfíre Ammi Burke.

Ammi, Enoch, Kezia agus Isaac Burke

D’iarr garda air an áit a fhágáil agus d’inis an cléireach dó gurbh é an breitheamh a d’iarr ar an ngarda iarraidh ar an mBúrcach imeacht.

D’fhreagair seisean nach raibh an breitheamh tar éis iarraidh air féin imeacht.

Dúirt sé leis an ngarda nach raibh sé ag cur as don chúirt agus nach raibh sé i gceist aige é sin a dhéanamh.

Uair a chloig dár gcionn nuair a thosaigh imeachtaí na cúirte in athuair rinne Enoch Burke iarracht leanacht lena iarratas.

Dúirt an Breitheamh O’Moore nach gceadódh sé d’éinne a bheith ag cur as d’obair na cúirte agus d’iarr sé ar na Gardaí an tUas Burke a chur amach.

Agus beirt ghardaí ina choimhdeachta ag dul amach dúirt sé gur "náireach" an gníomh é nach raibh sé ag fáil cead cainte.

D’fhan a dheirfiúr ina seasamh sa gcúirt, ag diúltú d’iarratas na ngardaí go n-imeodh sise freisin. Dúirt sí go raibh an breitheamh "ar a theitheadh" agus gur "mór an náire é."

Bhí an chúirt in ainm is athbhreithniú a dhéanamh inniu, an bhfuil nó nach bhfuil Enoch Burke fós i mbun díspeagadh cúirte faoi fhíneáil €700 sa ló atá gearrtha air le coicís.

Is é an Breitheamh O’Moore a ghearr an fhíneáil sin air, ag tosnú an 27ú Eanáir.

Mar a sheasann sé €10,500 na fiacha anois atá ar an mBúrcach.