Tá an t-anrud daoine a tháinig slán – nó easlán ba chirte a rá – ón gcrith talún sa Tuirc agus sa tSiria ag seiftiú dóibh féin amuigh faoin spéir agus iad fághta gan dídean, gan riar a riachtanais sa dúluachair.

Áirítear faoi láthair barr ar 17,500 duine a bheith maraithe mar gheall ar an tubaiste – 14,351 sa Tuirc agus 3,162 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin – ach is é a fhíor gur líon gan áireamh fós é.

Maidir leis na marthanóirí bochta, tá a lán acu ar fuireachas taobh lena n-iaráiteanna cónaithe agus súil le Dia acu go dtiocfaidh a ndaoine muinteartha amach as an treascarnach ina mbeatha.

Tuairiscítear sna cásanna is truamhéalaí glao coscrach ag teacht ó dhuibheagán an smionagair in éisteacht na ngaolta, sula dtiteann an glór faonlag ina thost ar fad de cheal an trealaimh a d'fhuasclódh an donán óna chinniúint.

Gearrchaile á tabhairt slán, cathair Kahramanmaraş, i ndeisceart na Tuirce, 9 Feabhra 2023

Faoi bhun cúig chéim atá an teocht i gcathair Gaziantep atá suite gar d'eipealár an chreatha in oirdheisceart na Tuirce.

Ainneoin an fhuachta, b'fhearr le daoine an oíche a chaitheamh ag gluaiseacht ó phost go piléar agus ar ais arís le hiad féin a choinneáil te, seachas fanacht i bhfos i bpubaill neamhchóirithe ná i dteáltaí garbhdhéanta.

D'admhaigh Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan inné go raibh "lochtanna" ar an gcaoi a ndeachaigh an stát i ngleic leis an éigéandáil go trásta, ach dúirt go raibh sé dodhéanta de réir nádúir i gcásanna mar seo gach úmachan a dhéanamh roimh ré.

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil Rialtas na Tuirce an-ghoilliúnach faoi aon locht a fhaightear ar an státchóras.

Baineadh Twitter as líne sa tír ar feadh scaithimh aréir agus ar maidin inniu mar gheall ar an díspeagadh a bhíothas a dhéanamh ar an meán sin ar oibríocht éigeandála an rialtais.

Ina cheann sin, ghabh na póilíní ocht nduine dhéag faoi phóstalacha "cointinneacha" a fhoilsiú.

Soláthairtí fóirithinte á dtabhairt le chéile i gcathair Erbil na gCoirdíneach san Iaráic, 9 Feabhra 2023

Ó thaobh na fóirithinte idirnáisiúnta de, gheall Uachtarán an Choimsiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go ndéanfadh ballstáit an Aontais Eorpaigh gach arbh fhéidir leo le tarrtháil a thabhairt go pras ar dhaoine sa Tuirc agus sa tSira araon.

D'fhógair sí freisin go bhfuil mór-chomhdháil chabhrach le reáchtáil ag an Aontas Eorpach sa Bhruiséil an mhí seo chugainn le súil an sórt fóirithinte a theastós i bhfad na haimsire a eagrú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ