Rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londain ar maidin inniu go bhfuil Prótacal an Tuaiscirt dleathach.

Deimhniú ar rialuithe dhá chúirt níos íochtaraí atá sa rialú is deireanaí.

Bhí an cás tugtha ag ceannaire an TUV Jim Allister agus aontachtaithe eile a mhaígh nach raibh an prótacal ag teacht le hAcht an Aontais, 1800 ná le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ní raibh aon ghlacadh ag an Ardchúirt ná ag an gCúirt Achomharc i mBéal Feirste leis an maíomh sin.

Inniu, dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach nach raibh bonn ar bith leis an maíomh.

Bhí sé ráite roimhe seo ag na cúirteanna íochtaracha gur leasaíodh na hachtanna aontais go dleathach nuair a ritheadh an Bille Aistarraingthe i bparlaimint Westminster.

Ní raibh aon ghlacadh acu ach oiread leis an maíomh go raibh stádas bunreachtúil an Tuaiscirt athraithe de bhíthin na socruithe úra.

Rialaíodh go raibh sé de chumhacht ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt an prótacal a chur i bhfeidhm dá mbeadh móramh i dTionól Stormont sásta leis agus nach raibh an Stát-Rúnaí ag brath ar chomhaontú trasphobail.

Agus an rialú á fhógairt inniu aige, dúirt duine de bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí an Tiarna Stephens go bhfuil reachtaíocht a ritear i bparlaimint Westminster dosháraithe ó thaobh an dlí de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ