Tá feidhm mhór choscrach idir lámha ag lucht tarrthála i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria, agus iad ag féachaint le daoine atá sáinnithe i smionagar foirgneamh a leagadh ag na creathanna talún a tharla sa réigiún sin inné a thabhairt amach as.
Tá idir oibirithe gairmiúla agus oibrithe deonacha ag obair ar a dtéirim le dúil an oiread daoine agus is féidir leo a thabhairt slán faoi dhíshorchú an lae agus sula gcaithfidh siad dul i muinín na hamharcaíola oíche.
Chomh maith leis an dorchadas, tá fuacht an gheimhridh, iarchreathanna agus éagobhsaíocht a bhfuil fanta de na foirgnimh, tá siad ar fad ag cur treampáin ar na tochaltóirí agus na tóchrálaithe nach bhfuil le fónamh acu in áiteanna ach a dhá lámh.
Tuairiscítear 5,600 foirgneamh a bheith leacaithe i mbailte éagsúla sa dá thír, lena n-áirítear an Chordastáin, ar árais chónaithe ilstóracha iad a lán acu.


Go deimhin, níl foithnín nár scriosadh thart ar eipealár an phríomhchreatha idir cathracha Kahramanmaraş agus Gaziantep, a bhfuil os cionn trí mhilliún duine ina gcónaí iontu.
I dtaca le Gaziantep de, scéal ó mhaoil go mullach atá ann don draoi daoine atá ag cur fúthu sa chathair sin ar teifigh ón gcogaíocht sa tSiria iad.
Áirítear ag an tráth seo os cionn 5,000 a bheith maraithe de bharr na gcreathanna talún a raibh méid sheismeach 7.8 sa cheann ba mhó acu.
Is é ceapadh na n-údarás faoi láthair gur maraíodh 3,500 duine sa Tuirc agus 1,500 sa tSiria, ach níl acu go fóill ach figiúirí sealadacha. Ina cheann sin, áirítear gur gortaíodh 14,000 duine sa Tuirc agus 3,500 sa tSiria.


Tá cabhair idirnáisiúnta faoi bhealach ach is scéal aimpléiseach é ó thaobh na lóistíochta de.
Gan an drochaimsir ná aimhréidhe na mbealaí iompair a bhac, tá trí phríomhaerfort i ndeisceart na Tuirce curtha ó mhaith ag an scrios.
Tá Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil fóirithint geallta acu don Tuirc agus don tSiria.
D'fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go dtabharfadh an Rialtas €2 mhilliún do charthanais éagsúla faoi thuairim soláthairtí éigeandála agus eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ