skip to main content

Iar-Aire Oideachais Niamh Bhreathnach tar éis bháis

An t-iarAire Oideachais Niamh Bhreathnach
An t-iarAire Oideachais Niamh Bhreathnach

Tá an t-iarAire Oideachais Niamh Bhreathnach ó Pháirtí an Lucht Oibre tar éis bháis. Bhí sí 77 bliain d'aois.

Teachta Dála i nDún Laoghaire ab ea Niamh Bhreathnach.

Ceapadh ina hAire Oideachais í i 1993, tráth a raibh beirt bhan ina nAirí Rialtais – í féin agus Máire Geoghegan-Quinn a bhí ina hAire Dlí agus Cirt.

Agus ómós á thabhairt aici di, dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur chuir Niamh Bhreathnach leasuithe suntasacha i bhfeidhm nuair a bhí sí ina hAire Oideachais.

Ceapadh é féin, arsa an tUachtarán Higgins, ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an lá céánna ar ceapadh Niamh Bhreathnach ina hAire Oideachais.

Is cuimhin leis, ar sé, chomh meáite agus a bhí siad ar aghaidh a thabhairt le flosc agus le fonn ar na hathruithe a chreid siad a bhí le déanamh.

Lena linn sa Roinn Oideachais, cuireadh táillí tríú leibhéal ar ceal; cuireadh le caiteachas an Stáit ar ghnóthaí oideachais; agus tugadh isteach clár nua le scoileanna i gceantair bhochta agus i gceantair tuaithe a thabhairt i gcrann – réamhtheachtaí an chláir DEIS atá fós ann.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur fíorfheimineach agus fíorshóisialaí ab ea Niamh Bhreathnach a throid gan stad ar son an chomhionannais.

Maireann a fear céile Tom Ferris, agus a gclann Clíodhna agus Macdara.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ