Áirítear faoi láthair thart ar 3,000 duine a bheith maraithe mar gheall ar chrith talún a tharla go moch ar maidin i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria – lena n-áirítear an Chordastáin.

Gortaíodh na mílte duine chomh maith de bharr an chreatha a raibh méid sheismeach 7.8 ann, agus tá anrud daoine eile sáinnithe i gcónaí i smionagar a dtithe a ndearnadh leircín díobh ar iompú boise i gcoim na hoíche.

Mar bharr ar an tragóid, chomh maith leis na daoine atá ina gcónaí sa réigiún lena saol ar fad, tá na milliúin eile ag baint fúthu ann ó theith siad ón gcogaíocht in áiteanna eile sa Mheánoirthear.

Tuairiscítear gur airíodh an crith chomh fada i gcéin leis an gCipir agus an Liobáin.

Tharla crith eile – ceann níos lú – cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin agus tuairiscítear nár bheag an scrios a rinne sé ar lorg an chéad chinn.

Foirgneamh a leagadh i gcathair Adana i ndeisceart na Tuirce, 6 Feabhra 2023

Idir bhailte móra agus bhailte beaga i réigiún an-fhairsing sa Tuirc agus sa tSiria araon a buaileadh – gan áiteanna ar chúla éaga a bhac – agus táthar ag agairt tíortha eile ag iarraidh a gcabhrach.

Sa Tuirc, ba iad bailte Pazarcık, Nurdağı agus İslâhiye ba ghaire d'eipealár an chreatha. Sa tSiria, tuairiscítear daoine i gcathracha Aleppo, Latakia, Hama agus Tartus a bheith faoi chall.

Diyarbakır, mórchathair na gCoirdíneach in oirdheisceart na Tuirce, 6 Feabhra 2023
Árasáin ar forbhás, baile Kahramanmaraş i ndeisceart na Tuirce, 6 Feabhra 2023

Ar an dea-uair, tá cabhair geallta ó mhaidin agus faoi bhealach cheana féin ón nGréig, ón tSeirbia, ón Ísiltír agus ón tSualainn.

Tugadh le fios tráthnóna go bhfuil ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – mar aon le breis agus dhá scór tír eile – le fóirithint ar na húdaráis atá ag cargáil leis an éigeandáil.

Idir dhá linn, tá lucht tarrthála ar an mball bíogtha agus ar a mine ghéire ag féachaint le daoine a thabhairt amach as an smionagar, beo nó marbh iad.

Lucht tarrthála i mbaile İskenderun i ndeisceart na Tuirce, 6 Feabhra 2023
Daoine a leonadh mar gheall ar an gcrith talún san ospidéal i mbaile Darkush i dtuaisceart na Siria, 6 Feabhra 2023

Ní gan choinne ar fad a tharla an crith talún ó tá an réigiún a buaileadh suite ar éasclíne idir dhá mhórphláta theicteonacha atá á bhrú go seasta.

I 1999, maraíodh os cionn 17,000 duine nuair a bhuail crith talún a raibh méid sheismeach 7.6 ann, nuair a bhuail sé ceantar İzmit in iarthuaisceart na Tuirce.

In 2011, maraíodh thart ar 500 duine mar gheall ar chrith talún a tharla i réigiún Coirdíneach Van i bhfíoroirthear na tíre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ