Tá iarrtha ag an Aire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman ar Ranna Rialtais aon fhoirgnimh dá gcuid atá díomhaoin a chur ar fáil gan mhoill faoi thuairim cóiríochta do dhídeanaithe ón iasacht.
I litir a scríobh sé chuig Airí eile Rialtais, thug Roderic O'Gorman le fios go ndéanfadh foirgnimh in aon bhall den tír cúis.
Hallaí móra fairsinge, mar a mbeadh áit do leithéidí leapacha cnaiste, atá de dhíth, a dúirt sé.
B'fhearr hallaí spóirt a bhfuil cithfholcadáin iontu thar aon chineál eile forgnimh, ach chuirfí fáilte freisin roimh ionaid chomhdhála agus ealaíon, nó árais mac léinn, arsa an Gormánach ina litir.
Ainneoin na práinne, thug sé le tuiscint mar sin féin nár mhór d'aon fhoirgneamh a thairgfí teacht le rialacháin sábháileachta dóiteáin.
Dhearbhaigh sé gurbh é an Roinn Lánpháirtíochta i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhainisteodh na foirgnimh.
Tá sé ag dul rite leis an Rialtas faoi láthair lóistín a chur ar fáil don líon ard dídeanaithe atá ag teacht go hÉirinn ón gcoigríoch, agus tá dóigh agus andóigh á gcuardach ar a thóir.
Arú inné, fógraíodh go rabhthas le cóiríocht shealadach a chur ar fáil do dhídeanaithe in athbheairic airm Dhún Mhic Coluim sa Mhuileann gCearr, Co na hIarmhí.
Tá cúig phuball déag le cur suas ar an suíomh a mbeidh áit iontu do 120 fear singil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ