Neadaithe fé scáth Chorrán Tuathail i gCo Chiarraí atá Cill Ghobnait. Tá an paróiste seo ar an gceantar deiridh ina bhfaightear beocht na Brídeoige, traidisiún ársa a cheiliúrann teacht an earraigh.

Ar feadh seacht lá ar gach taobh de Lá Pátrúin Bhríde, feictear an Bhrídeog, nó 'the Biddy' mar a thugann siad air, ag dul ó thigh go tigh.

Tá breis agus fiche duine sa ghasra, iad gléasta in éadach gléigeal agus hataí tuí traidisiúnta ar a gceann acu.

Greamaithe dos na cultacha tá ribíní agus tinsil ildaite, mar aon le croiseanna beaga déanta as geitirí.

Tá an Bhrídeog féin ar iompar acu - bábóigín lámhdhéanta fé chaidhp agus clóca lása.

Macasamhail do Naomh Bríd atá inti, croílár an cheiliúrtha, agus iompraítear le mórtas agus le ceanúlacht í.

An Bhrídeog ar iompar ag an bhfeadhain

Tá captaen ar an ngrúpa léi, é ina cheann feadhna ag ceann an tslua, fógra aitheantas na Brídeoige á iompar go caithréimeach aige.

A luaithe agus a théann an Bhrídeog thar tairseach isteach tosnaítear leis an gceol agus na hamhráin, leis an rince agus leis an scléip.

Rinctear seiteanna agus steip na scuaibe. Muintir an tí rannpháirteach sa chibeal agus smúit á bhaint as na cláracha.

Measann lucht na Brídeoige go mbaineann an cleachtas le traidisiún ársa a théann siar go dtí ré na bpágánach.

Is ionann gile na gcultacha agus teacht an tsolais i ndiaidh dhoircheacht agus fhuacht an gheimhridh.

Ceiliúradh na Féile Bríde i gCill Ghobnait

Samhlaítear torthúlacht na talún agus rath barraí leis an dtuí agus tharlódh gur íomhá de bhandia na talún a bhí sa Bhrídeog sara leagadh cló na Críostaíochta uirthi.

Bíonn ardú croí agus meanman ag baint leis na cuairteanna baile, go háirithe dóibh siúd ata ag maireachtaint ina n-aonar.

Ach baintear leas as an gceiliúradh chun airgead a bhailiú chomh maith, airgead a chuirtear i dtreo eagraíochtaí carthanachta agus seirbhísí pobail áitiúla.

I mbliana, ta airgead á bhailiú ag Brídeog Chill Ghobnait ar mhaithe le clós imeartha do leanaí a a thógaint sa pharóiste agus ní bhíonn aon teora leis na síntiúisí flaithiúla a bhronann muintir na dtithe orthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ