Tá buama i mosc i gcathair Peshawar in iarthuaisceart na Pacastáine tar éis ar a laghad 32 duine a mharú agus 150 duine a ghortú.
Tá go leor de na daoine atá leonta i mbaol báis tuairiscítear.
Póilíní ag paidreacha an mheánlae ab ea formhór na ndaoine a bhí i láthair a dúirt oifigeach Rialtais.
Tá an mosc i gcompún foirgneamh ina bhfuil ceanncheathrú na bpóilíní réigiúnda chomh maith le rannóg frithsceimhlitheoireachta a dúirt Ceannasaí na bPóilíní Ijaz Khan.
Tá rian den ábhar pléascach a séideadh aimsithe san mosc a dúirt an ceannasaí agus níl sé curtha as an áireamh acu a dúirt sé gur duine a raibh buama acu agus a chuir iad féin den tsaol a ba chúis leis an sléacht.
Níl aon dream tar éis freagracht a ghlacadh go fóill as an ionsaí.
Tá foirgintí leagthaí de bharr an phléascadh a deir na póilíní agus tá daoine atá fós ina mbeatha sáinnithe istigh futhu.