Tá an líon fianna i gCo Chill Mhantáin imithe ó smacht agus tá sé thar am iad a chiondíothú, dar le heagraíocht a chuireann seirbhísí bainistithe fianna ar fáil sa chontae.

Thug urlabhraí na heagraíochta Pat Dunne le fios go n-aontaíonn sé leis an Aire Comhshaoil Éamon Ryan a dúirt gur chóir clár náisiúnta ciondíothaithe a chur i bhfeidhm le dúil an fhadhb a réiteach, nó dul i ngleic leis ar a laghad.

Is i gCill Mhantáin a dhéanfaí cuid mhór den chiondíothú, más ea, ós sa chontae sin atá 40% d'fhianna na tíre.

Ní fios go baileach - ná go neamhbhaileach, go deimhin - cé mhéad fia atá i gCill Mhantáin ach dúirt Pat Dunne go gcreideann daoine éagsúla go bhfuil idir 45,000 agus 100,000 acu ann, nó fiú níos mó ná sin.

Lámhachtar carrianna i gcaitheamh shéasúr an fhiaigh, arsa an Duinneach, ach fágann sé go bhfuil an iomarca eilití ann.

Cró folaigh seilge, Gleann Crí, Co Chill Mhantáin

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Éamon Ryan le fios go bhfuil fianna ag cur as d'iarrachtaí bithéagsúlacht na tíre a thabhairt ar ais.

Dhealródh sé nach dtiocfadh gabhair fhiáine slán ón gciondíothú ach oiread, dá scaoilfí leis an Aire Ryan (maitear dom an t-imeartas focal!).

Mar gheall gur féaránaigh iad gabhair agus fianna araon agus go mbíonn siad ag ithe na ngort, arsa sé, ní féidir le crainn óga fás.

Buinní darach á gcosaint ag feadáin phlaisteacha, Gleann Crí, Co Chill Mhantáin

Ní féidir leis an Aire deimhin a dhéanamh dá rún fós, áfach, agus tugadh sé aird ar an seanfhocal "an bior ullamh don fheoil fia agus an fia ar an gcnoc fós".

Go deimhin, níor mhór dá rún a bheith "mar rún con ar tí dhá dhamh" i bhfianaise an choil atá ag daoine áirithe lena leithéid.

Dúirt an gníomhaí cearta ainmhithe John Carmody nach raibh aon ghéarchúis ag baint le ciondíothú agus nach raibh aon bhunús eolaíochtúil leis mar réiteach ar an bhfadhb.

Carria rua, Páirc Náisiúnta Chill Airne

Níl mórán fianna dúchasacha - fianna rua - fanta i gCill Mhantáin, má tá oiread agus ceann.

Fianna Seapánacha (Cervus nippon) is ea a mbunáite, iad sin nó fianna cros-síolraithe, agus feictear iad go minic ar Shlí Chill Mhantáin, cuir i gcás, agus fiú ar bharr cnoc mar Dhioghais gar don áit ar tugadh isteach iad thart ar an mbliain 1860.

Is i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath agus i gCo Chiarraí - chomh maith le roinnt áiteanna eile - is mó atá fianna rua le feiceáil ar na saolta seo.

Dála an scéil, foghlaí eile is ea an t-iora glas atá ag glacadh áit an iora rua i gCill Mhantáin agus ar fud na tíre.

Murab ionann agus na fianna, is amhlaidh nach féidir leis an dá chineál iora cros-síolrú.

Níl ann ach go bhfuil an ceann glas ag iomadú agus ag caitheamh acmhainní an chinn rua, tar éis go bhfuil an dúchasach ag seasamh an fhóid le tamall.

Foilsíodh an t-alt seo ar an gcéad dul síos ar an 20 Eanáir 2023 agus nuashonraíodh é ar an 22 Eanáir 2023

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ