skip to main content

4 cinn d'fhuinneoga daite Harry Clarke daite d'úinéir Bewley's

Na fuinneoga daite i gcaife Bewley's
Na fuinneoga daite i gcaife Bewley's

Rialaigh an Ard-Chúirt gur le húinéir Bewley's ceithre cinn de na sé fhuinneog dhaite a rinne an t-ealaíontóir Harry Clarke atá ar taispeáint sa chaife cáiliúil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, agus gur leis an tionónta an péire eile.

Meastar luach €1 milliún ar a laghad a bheith sna saothair gloine daite.

Is le comhlacht de chuid an fhir ghnó Johnny Ronan an caife.

Bhí sé á mhaíomh ag an gcomhlacht - RGRE Grafton Teo - gur de dhlúth agus d'inneach an áitribh na fuinneoga.

Fuinneoga nó saothair ealaíne?

Mhaígh Bewleys, áfach, nach cuid de struchtúr an fhoirgnimh na fuinneoga agus nach fuinneoga iad i ndáiríre.

Déanta na fírinne, dar leo, is saothair ealaíne inaistrithe iad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ