skip to main content

"Ceisteanna tromchúiseacha fós le freagairt ag Paschal Donohoe"

An Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe
An Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe

Tá "ceisteanna tromchúiseacha" le cur ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe ó Fhine Gael maidir leis an gcaoi ar dhearbhaigh sé a chuid costas toghchánaíochta in 2016, dar leis an Teachta Dála Ged Nash ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, mhaígh Ged Nash go raibh "neart deiseanna ag an Aire Donohoe le roinnt blianta aghaidh a thabhairt ar an scéal ach gur loic sé".

Thug sé le fios go mb'aisteach an cor é go raibh Paschal Donohoe ag iarraidh an dara ráiteas a dhéanamh i nDáil Éireann faoin scéal an tseachtain seo chugainn agus - murab ionann agus an chéad ráiteas - go bhfreagródh sé ceisteanna ón bhfreasúra.

Ba chirte don Aire an deis a bheith tapaithe aige dul i ngleic leis an scéal nuair a tháinig sé chun solais ar an gcéad dul síos in 2017, arsa Ged Nash.

Baineann an scéal le híocaíocht €1,100 a tugadh d'oibrithe a chroch póstaeir ar son Paschal Donohoe i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh an fheachtais olltoghchánaíochta in 2016.

Dúirt Ged Nash go raibh an tAire Donohoe ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine gur le haghaidh Fhine Gael - seachas lena aghaidh féin - a bhí an t-airgead, ach i ndáiríre, arsa an Naiseach, ní féidir a leithéid a mhaíomh i gcomhthéacs toghcháin.

Dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin ar RTÉ aréir go raibh "na dosaein ceisteanna" fós le freagairt ag Paschal Donohoe.

Cuir i gcás, arsa sé, ar íoc an fear gnó Michael Stone as na póstaeir thoghchánaíochta a chrochadh in 2016?

Dúirt an tAire Stáit Peter Burke ó Fhine Gael go dtabharfadh Paschal Donohoe "na sonraí ar fad" an tseachtain seo chugainn agus d'iarr sé ar an bhfreasúra a bheith stuama ina leith.

Arú inné, i nDáil Éireann, d'admhaigh an tAire Donohoe go ndearna sé "botún soiléir" nuair nár chuir sé an íocaíocht maidir leis na póstaeir san áireamh ina dhearbhú costas in 2016 agus ghabh sé a leithscéal faoi.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ