skip to main content

Clampar déanta ag Enoch Burke, gaolta ag éisteacht smachtaithe

Enoch Burke ag dul isteach san éisteacht smachtaithe sa Mhuileann gCearr inniu
Enoch Burke ag dul isteach san éisteacht smachtaithe sa Mhuileann gCearr inniu

Bhí éisteacht smachtaithe i leith an mhúinteora Enoch Burke ar siúl in óstán sa Mhuileann gCearr inniu.

Tá Enoch Burke curtha ar fionraí ó Scoil Wilson's Hospital i Muilte Farannáin, Co na hIarmhí, de bharr aighnis faoi dhuine de dhaltaí na scoile.

Chaith sé seal sa phríosún anuraidh faoi orduithe cúirte a bhaineann lena théarma fionraíochta a shárú.

Socraíodh ag an éisteacht inniu go ndéanfaí cinneadh faoin gcás "lá is faide anonn".

Chuir an Búrcach agus gaolta leis isteach ar na himeachtaí, áfach, mar go raibh siad míshásta, a dúirt siad, le cur chuige na héisteachta.

Bhí siad ag seamsánacht agus ag maíomh gan stad gur chóir do chathaoirleach bhord bainistíochta na scoile a bheith i láthair.

Buaileadh tinn an cathaoirleach aréir, áfach, agus toghadh cathaoirleach nua i gcomhair na héisteachta inniu.

Cuireadh fios ar na Gardaí mar gheall ar an mí-ord agus choinnigh siad súil ar imeachtaí ar feadh uair an chloig go leith sular imigh siad as an óstán.

I ndiaidh na héisteachta, áfach, thug Enoch Burke agus a chuid gaolta íde béil do phríomhoide na scoile Frank Milling agus aturnae bhord bainistíochta na scoile Katherine Kelly.

Bhí muintir Burke sna sála ag an mbeirt agus iad ag sceamhadh orthu nó go bhfuair an bheirt dídean i gceann de sheomraí tionóil an óstáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ