Tá an comhlacht miondíola Argos lena gcuid siopaí ar fad sa Stát a dhúnadh i ndeiridh an Mheithimh agus na 580 duine atá ag obair dóibh a ligean chun siúil.
I ráiteas, thug an comhlacht le fios nach mbeadh sé ciallmhar tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ina gcuid oibríochtaí i bPoblacht na hÉireann agus gurbh fhearr an t-airgead a infheistiú i gcodanna eile den ghnó in áiteanna eile.
Gheall an comhlacht go dtabharfaí pacáiste iomarcaíochta thar a bheith flaithiúil do na hoibrithe.
Ina cheann sin, a dúradh, tabharfar íocaíocht speisialta iomarcaíochta "mar chomhartha dea-mhéine" don bheagán daoine nach bhfuil i dteideal na ngnáthshocruithe iomarcaíochta.
Is ar an 24 Meitheamh a dhúnfar an 34 siopa atá ag Argos in áiteanna éagsúla sa Stát agus ní ghlacfar le horduithe tar éis 22 Márta.
Dúirt an ceardchumann Mandate go bhfuil díomá orthu faoin scéala ach go ndéanfaidís a ndícheall an margadh iomarcaíochta is fearr a fháil do na hoibrithe.
Tuigtear go raibh titim de 21% ar dhíolacháin an chomhlachta sa Stát anuraidh agus gur chaill siad os cionn €13 milliún.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ