Tá sé beartaithe ag an ollchomhlacht ríomhaireachta Microsoft 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain faoi dheireadh na bliana seo.
Áirítear gurb in beagnach 5% d'fhostaithe uile an chomhlachta.
Dealraítear go mbeidh oibrithe sna rannóga acmhainní daonna agus innealtóireachta ina measc.
Tá barr ar 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn - idir na rannga oibríochtaí, díolachán, innealtóireachta agus forbartha táirgí - ach ní fios fós an mbeidh aon duine acu thíos leis.
Tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó le roinnt míonna.
Thug Amazon le fios i dtús na míosa seo go gcaillfeadh 18,000 oibrí sa chomhlacht a gcuid post de bharr iomarcaíochta agus i mí na Samhna seo caite d'fhógair Meta go ligfí 11,000 oibirí chun siúil, 390 duine in Éirinn ina measc.
Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh an Rialtas "ag coinneáil súil ghéar ar an earnáil teicneolaíochta" sa tír seo ach dar leis go bhfuil cúrsaí fostaíochta san earnáil sin "an-láidir" faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ