Tá fainic Stádas Buí eisithe ag Oifig na hAimsire go siocfaidh sé ar fud na tíre ón 4 a' chlog tráthnóna go meánlae amárach.
Tá foláireamh foilsithe ag Met Éireann go mbeidh contúirt oighir ar bhóithre agus ar chosáin.
Tá -5C geallta in áiteacha thar oíche agus sioc crua chomh maith le ceo geallta.
Caithfidh sé sneachta agus flichshneachta ó thuaidh, san iarthuaisceart agus san iardheisceart a deir Met.ie.
Titfidh an sneachta go trom a deir siad ar thalamh ard.

Bhí bóithre i dTír Chonaill ina reothalach ar maidin théis sioc agus sneachta thar oíche.
Sáinníodh carranna ar an mbóthar idir Gleann tSúilí agus Gleann Fhinne i lár Chondae Dhún na nGall.
Ó mhaidin bhí bealaí go leor ar chúl na gréine fós sleamhain.
Tá an tÚdarás um Shábháilteacht Bóithre ag cur comhairle ar thiománaithe a bheith faoi réir don fhuacht atá geallta an chuid eile den tseachtain.