Bhailigh grúpaí ó phobail nua na hÉireann le chéile i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine le aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge.
Daoine ó chúlraí éagsúla teanga agus cine iad uilig a bhfuil rud amháin i gcoitinne acu: suim an Ghaeilge a fhoghlaim.
Bhí daoine ó thíortha in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa, agus fosta ón Mheán agus ón Chian Oirthear i láthair ag an ócáid a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le Foras na Gaeilge in óstán i lár na cathrach.
Chomh maith le hÚcráinise agus Araibis, chualathas teanga na Iobóch ag an ócáid - treibh eitneach as an Nigéir iad na Iobóigh ar ionann iad agus 18% de dhaonra na tíre sin.
Deir Orlaith Nic Gearailt, bainisteoir feachtais feasachta le Conradh na Gaeilge, gur iarracht atá san fheachtas 'Céad Míle Fáilte' freastal ar dhaoine ón phobail ón iasacht ar mhaith leo cur lena saol in Éirinn.
Mar chuid den fheachtas, d'fhreastail na daoine ar shraith ranganna a d'eagraigh an Conradh agus tá roinnt scoláireachtaí bronnta ar dhaltaí dara leibhéal le cuidiú leo freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis sin d'eagraigh an Conradh ceardlanna le taighde a dhéanamh faoin chineál foclaíochta agus téarmaíochta is ceart a úsáid i gcomhthéacs ilchúltúrtha.
Lena chois sin tá lámhleabhair réitithe acu le cur ar chumas daoine bunchúrsaí Gaeilge a dhéanamh trí theangacha éagsúla.
Bhí Hafi Saaf, áisitheoir leis an phobal Siriach i nDún Pádraig, Co. an Dúin ina measc siúd a bhí páirteach san ócáid.
Dúirt sé go bhfuil daoine as an tSiria atá ag cur futhú anseo anois an-sásta a bheith ina gcuid den phobal agus gur mian leo taithí a fháil ar gach réimse den chultúr Éireannach.
Is iad Foras na Gaeilge a rinne maoiniú ar an scéim 'Céad Míle Fáilte.'