Tá an feachtas le iarnród éadrom a thógáil i gcathair na Gaillimhe ag bailiú nirt agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag lorg tairiscintí le tabhairt faoi staidéar féidearthachta.

Maíonn an grúpa atá i mbun feachtais leis an iarnród éadrom a thógáil go laghdódh córas cairr cábla trácht na cathrach faoi thart ar 30%.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag iarraidh athbhreithniú iomlán a déanamh ar Straitéis Iompair na Gaillimhe ó seo go ceann scór bliain.

Is fada an grúpa feachtais GLUAS ag achainí ar an Rialtas staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le greásan iarnród an-éadrom a thógáil i nGaillimh, a rithfidh ó Chnoc na Cathrach go hOspidéal Pháirc Mhuirlinne.

Creideann an Grúpa GLUAS go mbeadh an múnla atá á mholadh acusan níos saoire ná LUAS Bhaile Átha Cliath.

Deir Mary Frances Uí Chonghaile go bhfuil "an-difríocht idir iarnród éadrom ar nós LUAS agus an cinéal córais atá i gceist le GLUAS. Tá sé éasca agus scioptha a thógáil agus beidh sé níos saoire. Tá dualgas ar chathair na Gaillimhe an trácht a fheabhsú."

Deir an Comhairleoir Cathrach le Fianna Fáil, John Connolly, gur cheart "breathnú ar chóras ceart bus a chur i bhfeidhm sa chathair. Tá nasc bus trasna na cathrach faoi bhráid an Bhord Pleanála faoi láthair agus pleananna do lána bus ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath rétithe, mar sin ba cheart dúinn ár ndícheall a dhíriú orthu seo. Tar éis sin, breathnóidh muid ar na roghanna eile."

Tá grúpaí eile ag iarraidh ar an Údarás a chinntiú go bhfreastalóidh an Straitéis nua ar chách.

Deir Neasa Welby, Cathaoirleach Cyclist.ie go gcaithfear plean uaillmhianach a réiteach agus go gcaithfidh na rannóga iompair agus pleanála sa gComhairle Cathrach oibriú lena chéile le daoine a mhealladh dhul ag rothaíocht agus ag siúl.

Dúirt an tÚdarás Náisiúnta Iompair i ráiteas go bhfuil próiseas tairisceana ar bun faoi láthair le saineolaí a fhostú le tabhairt faoin staidéar féidearthachta. Beidh toradh an staidéir seo mar chuid den dréacht a chuirfear faoi bhráid an phobail ag deireadh na bliana seo.