Baineadh ceol as na fraitheacha i séipéal na Carraige i gCo. Chiarraí ar maidin nuair a cuireadh aifreann éagnairce leis an cheoltóir agus amhránaí clúiteach Séamus Ó Beaglaoich.
Bhí ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí seite agus na sluaite eile a bhain aoibhneas as comhluadar agus as buanna ceoil Shéamuis i láthair lena n-urraim a chur in iúl dó.
I láthair chomh maith bhí Aide de Camp an Taoisigh, an Ceannfort Claire Mortimer agus Aide de Camp an Uachtaráin an Leifteanant Seán Ó Díomsaigh.
I measc na dtabhartas a tugadh chun na h-altóra bhí bosca ceoil B maol Shéamuis agus an fón Nokia a bhíodh ar iompar aige, chomh maith le cóip den nuachtán an Farmers Journal mar chomhartha ar obair Shéamuis mar chonraitheoir sadhlais.
Ba iad a bhaintreach Máire agus a nia Aogán a léigh na léachtaí.
Ina aitheasc dúirt príomhcheiliúraí an aifrinn an tAthair Eoin Ó Cadhla go raibh meas thar na bearta ag Séamus ar shean amhránaithe agus ar cheoltóirí Pharóiste Mórach.
"Do shanntaigh sé an stór sin a síneadh chuige ó na glúnta a chuaigh roimhe agus roinn sé an stór sin leis an saol mór." Dúirt sé go dtug Séamus ardán domhanda d’ealaíon a mhuintire "agus is é a bhain sásamh as an gceiliúradh iad a thaispeáint ar fud an domhain mhóir."
Ba fear é a bhí mórálach as agus a raibh grá aige don teanga. "Bhí sé ina mháistir ar an teanga sin," a dúirt an tAthair Ó Cadhla, bhí sé "cliste agus deisbhéalach ina chuid cainte agus thuig sé an leagan agus an leibhéal i scéalta seoigh a mhuintire."
D’inis an sagart gur dhúirt Séamus le duine éigin gur i nGaeilge a bhíodh a chuid brionglóidí ach gur i mBéarla a bhí a chuid tromluithe, rud a bhain gáire as an slua.

Ach cé gur thaisteal sé an domhan i mbun a chuid ceoil, dúirt an tAthair Ó Cadhla gur i mBaile na bPoc a bhí a croí Shéamuis i gcónaí:
"Ba anseo a bhí an t-ancaire aige - an tinteán, an talamh, an teanga agus an ceol." Ba mhinic é thuas ar an gcnoc, é ag siúl ar chiumhais na haille ag baint lán a shúl as an radharc taibhseach timpeall air.
Ba í Nóirín Ní Riain a cheol Ag Críost an Síol ag am ófrála.
Sheinn a dheartháir Breanndán an fonn mall ón amhrán 'Beir mo Dhúthracht [go dúthaigh Duibhneach]’ ar an bhosca ceoil ag am comaoineach. Leag daoine a bhí ag filleadh ón altóir a lámh ar a ghualainn mar chomhartha cobhróin.

Thug Méabh, Breanndán, Eoin agus Niall ómós dona n-athair le cuimhní de scéalta greannmhara agus ráitis comhairle a thug sé dóibh ina n-óige. D’aithris Méabh dán a chum sí inár thrácht sí ar a bheith amuigh ag siúl lena h-athair ag cuartú coiníní nuair a bhí sí ina cailín beag. Ba é comhairle Shéamuis da chlann mhac i gcónaí: "Bí deas le daoine, cabhraigh leo ach bí i do rógaire chomh minic agus is féidir leat."
Sular tugadh a chónra amach as an Séipéal, thug a inión Méabh cuireadh do na ceoltóirí a raibh a gcuid uirlisí leo sa séipéal seinm ina gcuideachta – pólcaí John Brosnan a seinneadh agus ligeadh cúpla liú suáilceach i dteach an phobail a chuirfeadh coirmeacha ceoil Shéamuis i gcuimhne duit.

Cuireadh Séamus Ó Beaglaoich i reilig Chill Chuáin.
Léiriú ar shuim agus ar mheas an phobail ar Shéamus gur chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-aifreann ar a leathanach Facebook.
Beidh tuairisc ar Nuacht TG4 ag a 18.40 tráthnóna.