Cuireadh tús inniu le taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta na Bliana san RDS i mBaile Átha Cliath.
1,100 dalta scoile ó 212 meánscoil atá san iomaíocht i mbliana agus meastar go dtabharfaidh breis agus 40,000 duine cuairt ar an taispeántas idir seo agus an Satharn.
Conas oíche mhaith chodalta a fháil; bealaí nuálacha le creimeadh cósta a mhoilliú; an éifeacht atá ag Covid-19 ar an saol; agus athrú aeráide is ea cuid de na hábhair a d'fhiosraigh Gaeil óga i mbliana.

Léiríonn taighde a rinne Laura de Róiste ó Choláiste an Phiarsaigh i gCorcaigh gurb ionann an imní atá ar dhaoine óga faoi dhrochthinneas a bheith orthu de bharr Covid agus an imní atá ar dhaoine atá níos sine faoi.
Chuir na torthaí iontas ar Laura, a deir sí, mar nár cheap sí go mbeadh an oiread faitís ar dhéagóirí roimh éifeacht fhadtréimhseach na haicíde agus a bheadh ar dhaoine atá os cionn 60 bliain.

Níl creimeadh cósta chomh dona in áiteanna a bhfuil feamainn ag fás le hais áiteanna eile, de réir taighde atá déanta ag daltaí Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin, Árainn.
Léiríonn a gcuid taighde gur lú an bogadh atá i gcarraigeacha ar bhinnsceird na farraige atá neadaithe san fheamainn ná carraigeacha atá ris.

De réir taighde atá déanta ag daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge, téann an cruth atá ar bhallaí cosanta cois cósta i bhfeidhm ar chumhacht na dtonnta a bhriseann ina n-aghaidh.

Cuidíonn buillí éagsúla cluaise le daoine codladh níos doimhne agus níos fade a fháil, de réir taighde atá déanta ag lucht Mheánscoil Gharman.
Fuair siad amach má éisteann daoine le minicíocht fuaime amháin i gcluas amháin agus minicíocht eile sa chluas eile, go gcuidíonn éagsúlacht na minicíochtaí le daoine codladh níos doimhne a fháil.
Deir duine de na moltóirí, an tOllamh Joe Barry, atá bainteach leis an gcomórtas le tríocha bliain, go dtugann díograis na ndaltaí ardú meanman dó gach uile bhliain.
Beidh deis ag an bpobal súil a chaitheamh ar thograí na bliana seo san RDS as seo go dtí an Satharn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ