skip to main content

Covid-19: "is gearr go mbeidh Kraken ar an tréithchineál is coitianta"

Covid-19: saineolaithe sláinte ag moladh do dhaoine vacsaín a fháil
Covid-19: saineolaithe sláinte ag moladh do dhaoine vacsaín a fháil

Is dóichí go mbeidh athraitheach nua ar Covid-19 atá tagtha chun cinn le deireanas agus atá fíorthógálach, go mbeidh sé ar an tréithchineál is coitianta in Éirinn gan mhoill, dar leis an Ollamh le hImdhíoneolaíocht Thurgnamhach Kingston Mills.

Is fo-athraitheach ar an athraitheach Oimicrón é an tréithchineál nua, a bhfuil XBB.1.5 - nó Kraken i gcaint neamhfhoirmiúil - baiste air.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an tOllamh Mills le fios, áfach, go bhfuil Kraken an-éagsúil le hOimicrón.

Is é fírinne an scéil, arsa sé, nach bhfuil daoine a tholg Oimicrón roimhe seo, nach bhfuil siad imdhíonta - nó iomlán imdhíonta - ar an tréithchineál nua.

Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, tá na vacsaíní défhiúsacha atá ann anois an-éifeachtach agus mhol sé do gach duine nach bhfuair an vacsaín fós é a fháil anois.

Níor taifeadadh in Éirinn go dtí seo ach cúig chás den tréithchineál nua.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 573 othar le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre agus tá 35 díobh faoi dhianchúram.

An tseachtain seo caite, dúirt Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris Cillian de Gascún gurb é iompar daoine thar aon ní eile faoi deara scaipeadh an víris.

Inné, d'iarr an Dr Marie Casey ó Rannóg Iarthar Láir na Roinne Sláinte ar dhaoine filleadh ar nósanna a bhfuil siad cleachta leo ó aimsir na paindéime agus fanacht sa bhaile má tá siad tinn, leas a bhaint as díghalrán lámh agus maisc a chaitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ