Tá an ceoltóir agus an t-amhránaí aitheanta Séamus Ó Beaglaoich tar éis bháis. Bhí sé 73 bliain d'aois.
Bhí an Beaglaíoch áirithe ar dhuine dos na boscadóirí ba chumasaí agus ar dhuine dos na hamhránaithe ba bhinne sa tír.
Rugadh agus tógadh Séamus Ó Beaglaoich i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, duine de naonúr clainne a raibh bua an cheoil iontu go léir.
D'eisigh sé féin agus a dheirfiúr Máire a gcéad albam i 1973 agus ní fada gur bhain fear pharóiste Mórdhach gradam amach mar cheoltóir, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.
As an gcleamhnas ceolmhar a deineadh dó féin agus an tAstrálach Steve Cooney do tháinig Meitheal - cnuasach a bhain an anáil do phobal an cheoil de bharr an choir nua a bhaineadar as ceol traidisiúnta.
Ina dhiaidh sin, bhí leithéidí Jim Murray agus Tim Edey mar thionlacan aige.

Cé gur thug a chuid ceoil ar fud an domhain é, do lean Ó Beaglaoich leis an bhfeirmeoireacht i mBaile na bPoc agus bhí ardaithne ag feirmeoirí na dúthaí air agus é ag obair mar chonraitheoir sadhlais.
Maireann a bhean chéile Mary, a gclann - Breandán, Eoin, Niall agus Méabh - deartháireacha agus deirfiúracha agus a gclannaibh siúd.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ