Sa Bhrasaíl, tuairisícítear go bhfuil an ceantar thart ar lárionad cumhachta na tíre sa phríomhchathair Brasília, go bhfuil sé faoina smacht ag na fórsaí slándála anois tar éis do lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar a thabhairt faoi.
Is sa cheantar sin i lár na cathrach atá na tithe comhdhála, áras an uachtaráin agus cúirt uachtarach na tíre suite.
Tharla caismirtí idir na fórsaí slándála agus lucht tacaíochta Bolsonaro sa cheantar tar éis do na bolsonaristas briseadh isteach sna foirgnimh stáit sin agus scrios a dhéanamh.
Léiríonn íomhánna ón taobh istigh go bhfuil na foirgnimh fágtha ina sceathrach acu.
Thug na fórsaí slándála le fios go mb'éigean dóibh leas a bhaint as deoirghás, stiúdghránáidí agus canónacha uisce leis an slua a cheansú agus gur shuaimhnigh cúrsaí ina dhiaidh sin.
Dúirt Uachtarán na Brasaíle Luiz Inácio Lula da Silva gur "fogha faisisteach" a bhí san ionsaí ar na foirgnimh stáit.
Shínigh sé ordú a thugann cumhachtaí speisialta don rialtas agus do na póilíní in Brasília an t-ord poiblí a chur ar bun arís sa chathair.
Cháin Jair Bolsonaro an ruathar ar na foirgnimh chomh maith agus shéan sé nár ghríosaigh sé an slua.
Dúirt sé, áfach, go raibh sé de cheart ag daoine léirsiú go síochánta.
Tá a lucht tacaíochta míshásta le toradh na dtoghchán sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair, tráth a fuair Lula an ceann is fearr ar Bolsonaro a bhí i gcumhacht ar feadh ceithre bliana roimhe sin.
Creideann na bolsonaristas gur toghchán cam a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ