skip to main content

Líon mór saighdiúirí Rúiseacha maraithe in ionsaí diúracán

An bhunáit Rúiseach i i gcathair Makiivka i ndiaidh an ionsaithe (Pic: Reuters)
An bhunáit Rúiseach i i gcathair Makiivka i ndiaidh an ionsaithe (Pic: Reuters)

Tá tuairiscí éagsúla á gcraobhscaoileadh faoi líon mór saighdiúirí Rúiseacha a bheith maraithe mar gheall ar ionsaí diúracán a rinneadh ar bhunáit shealadach dá gcuid in oirthear na hÚcráine aréir.

Tuairiscítear idir na scórtha agus na céadta a bheith maraithe, de réir na bhfoinsí éagsúla.

Dar le Roinn Cosanta na Rúise gur maraíodh 63 saighdiúir nuair a bhuail sé dhiúracán ardphléascacha foirgneamh ina raibh siad ag baint fúthu i gcathair Makiivka in aice le Donetsk go gairid tar éis an mheán oíche aréir.

I ráiteas, mhaígh Arm na hÚcráine gur beagnach 400 saighdiúir Rúiseach a maraíodh mar gheall ar an ionsaí ach níor tugadh aon eolas eile.

Tuairiscítear chomh maith nach bhfuiltear cinnte faoi láthair den líon saighdiúirí a maraíodh mar go gceaptar go bhfuil roinnt corp faoin smionagar go fóill.

Roicéid á scaoileadh ag fórsaí Úcráncha le bunáiteanna Rúiseacha in aice le Donetsk, 30 Nollaig 2022

Ag an am céanna - agus ar gnáthchúrsa laethúil é faoin tráth seo - bhí na Rúisigh ag díriú a gcuid diúracán féin ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, agus rún acu an oiread damáiste a dhéanamh do bhonneagar na háite agus is féidir leo.

Dhearbhaigh méara na cathrach go raibh rath ar dhrochobair an namhad, agus gur buaileadh roinnt saoráidí fuinnimh agus gur gearradh an chumhacht in áiteanna sa chathair ar feadh scaithimh dá bíthin.

Os a choinne sin, thug aerfhórsa na hÚcráine le fios gur chuir siad ó mhaith dhá scór drón pléascach a bhí scaoilte ag na Rúisigh le háiteanna éagsúla sa tír i gcaitheamh na hoíche.