Tá na mílte Caitliceach ag triall ar an Vatacáin inniu chun ómós a thabhairt don Phápa Emeritus Beinidict XVI a bhfuil a chorp ina luí faoi ghradam stáit i mBaisleac Pheadair.
Bhásaigh an Pápa Emeritus arú inné i mainistir Mater Ecclesiae sa Vatacáin, áit a raibh cónaí air le deich mbliana. Bhí sé 95 bliain d'aois.
Bhí sé ina Phápa idir 2005 agus 2013, tráth a d'éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte.
Ba é Beinidict an chéad Phápa a d'éirigh as le 600 bliain.
Beidh a chorp ina luí faoi ghradam stáit as seo go ceann trí lá agus cuirfear é Déardaoin i measc Ulacha na bPápaí i mBaisleac Pheadair.
Dúirt urlabhraí ón Vatacáin gur tórramh "sollúnta ach simplí" a bheas ann.
Ní dúradh fós cé na préaláidí agus na huaisle a bheas i láthair ag an Aifreann éagnairce, ach tá sé deimhnithe go mbeidh Ambasadóir na hÉireann sa Suí Naofa Frances Collins ina measc.
Bhí milliún duine i láthair ag sochraid an Phápa Eoin Pól II in 2005, idir uaisleacht agus choitiantacht, ach deirtear nach raibh an oiread gnaoi ag na daoine ar Bheinidict.
Pápa caomhach a sheas an fód traidisiúnta a bhí ann ach ní raibh eaglaisigh eile ná cuid mhór den tréad sásta leis an gcaoi a ndeachaigh sé i ngleic le géarchéimeanna éagsúla, mí-úsáid leanaí san Eaglais Chaitliceach ina measc.
Tá ómós tugtha ag a chomharba - an Pápa Proinsiais - don Phápa Emeritus Beinidict. Dúirt sé gur searbhónta dílis an tSoiscéil agus na hEaglaise a bhí ann.
Níl an Pápa Proinsias é féin i mbarr a shláinte, agus thug sé le tuiscint an samhradh seo caite go mb'fhéidir go n-éireodh sé féin as mura mbeadh sé in araíocht a chuid dualgas a chomhall feasta.