Cáipéisí Stáit: Ceart Gaeilge a labhairt i bpríosúin na Breataine ina ábhar aighnis
Tugadh cead cainte i nGaeilge do phríosúnach Poblachtánach i Sasana i lár na nóchaidí i ndiaidh do Rialtas na hÉireann agus an Tánaiste, Dick Spring, go háirithe, idirbheartaíocht a dhéanamh ar a shon. Léiríonn cáipéisí rúnda an stáit gur áitigh an Rialtas go raibh sárú á dhéanamh ag na húdaráis i bPríosún Full Sutton in Yorkshire ar chearta daonna Fhéilim Uí Adhmaill nuair a diúltaíodh cead dó comhrá i nGaeilge a bheith aige lena bhean chéile agus lena theaghlach. Bhí dianstocaireacht ar bun ag a bhean chéile, Mairéad Uí Adhmaill, agus ag Conradh na Gaeilge ar a shon agus ghlac an Tánaiste Dick Spring, Ambasáid na hÉireann i Londain, an dlíodóir Gareth Peirce agus an Cairdinéal Cahal Daly ról gníomhach sa chás.
Ciontaíodh an Dr Féilim Ó hAdhmaill i mí na Samhna 1994 as comhcheilg chun buamaí a phléascadh. Gearradh téarma 25 bliain sa phríosún air. Bhí an Dr Ó hAdhmaill ina léachtóir in Ollscoil Lancaster ag an am. Beireadh air i ngaráiste in aice le Wakefield, Yorkshire agus 17kg de Semtex ina charr.
Thosaigh na fadhbanna le húsáid na Gaeilge nuair a bhí an Dr Ó hAdhmaill ar athchur i bPríosún Belmarsh. Bhí sé ag gearán nach bhfuair sé aon litir a scríobh a bhean chéile chuige agus nach raibh cead aige comhrá teileafóin a bheith aige i nGaeilge. D'iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Ambasáid na hÉireann i Londain an scéal a fhiosrú. D'inis Oifig Gnóthaí Baile na Breataine d'fheidhmeannach ón Ambasáid ar an 29 Márta 1994: "It is the usual procedure that category A prisoners are expected to conduct visits and telephone calls in English. If it is not possible for the prisoner to use English, the visit and telephone call can take place in another language provided the visits and telephone calls are monitored."
Rinne Conradh na Gaeilge stocaireacht ar an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Dick Spring. Rinne beirt Theachtaí Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Declan Bree agus Frank Prendergast, achainí phearsanta ar a shon fosta. Thug an Tánaiste le fios d'Ard-Rúnaí an Chonartha, Seán Mac Mathúna, go raibh "úsáid na Gaeilge ag príosúnaigh agus cuairteoirí leo sa Bhreatain go mór ar intinn an Rialtais sa mhéid is a bhaineann sé le ceartanna na bpríosúnach agus leis an réim i bhfeidhm sna príosúin".
Mar thoradh ar idirghabháil na hAmbasáide, chuir an Dr Ó hAdhmaill in iúl gur tháinig deireadh leis an bhac ar úsáid na Gaeilge.
D'inis an Tánaiste do Sheán Mac Mathúna ó Chonradh na Gaeilge gur chuir an Ambasáid i Londain "fiosrúchán ar bun" agus gur cheadmhach anois Gaeilge a úsáid le linn comhráite teileafóin agus cuartaíochta. "Leanaimuidne airdeallach don réiteach sao mar is gá," a mhaígh Dick Spring ina litir ar an 9 Samhain 1994.
Cosc ar an Ghaeilge i Full Sutton
Ach lean na fadhbanna nuair a bogadh Ó hAdhmaill go Príosún Full Sutton tar éis a chiontaithe.
Scríobh Máiréad Uí Adhmaill chuig baill den Rialtas chun a chur in iúl dóibh go raibh deacrachtaí aici féin agus ag a beirt mhac Gaeilge a labhairt le Féilim. Dúirt sí gur cuireadh bac le litreacha agus le cártaí i nGaeilge a cuireadh chuig Feilim, gur gearradh scairteanna gutháin (fiú um Nollag) agus go raibh cosc air labhairt lena bhean chéile agus lena chlann mac as Gaeilge. "Is í an Ghaeilge teanga ár dteaghlach. Leoga, is í an t-aon teanga a labharaimid lenár bpáistí - tá an bheirt acu ag freastal ar Ghaelscoileanna i mBéal Feirste," a scríobh Máiréad Uí Adhmaill. "Creidimse gur sárú é an cosc seo ar chearta bunúsacha mo theaghlaigh agus, ó tharla nach mbaintear úsáid as a leithéid de chosc le cimí ó aon tír eile i bpríosúin na Breataine, is léir domsa go ndearcann na húdaráis ar an chosc mar phionós orainne as siocair gur Éireannaigh sinn."
Chas feidhmeannaigh de chuid Ambasáid na hÉireann leis an Dr Ó hAdhmaill agus le húdaráis na bpríosún ina raibh sé á choinneáil. Lena chois sin, scríobh Ambasáid na hÉireann i Londain chuig an Roinn Gnóthaí Baile lena n-imní a chur in iúl faoin chás.
D'admhaigh Seirbhís na bPríosún don Ambasáid i scríbhinn go raibh moill i gceist le seachadadh litreacha chuig Ó hAdhmaill mar nach raibh aistritheoir ar fáil dóibh. "It has been explained to him that it is not feasible to give Dr Ó hAdhmaill his incoming letters before they have been read, because there is no desire to interfere unnecessarily with his communications, other options are being explored."
Ach chuaigh rudaí in olcas ag tús na bliana 1995. Mar thoradh ar iarracht a rinne baill den IRA éalú as Príosún Whitemoor tháinig treoir ó Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Príosúin, Derek Lewis, go gcaithfí cloí go docht feasta le lámhleabhar slándála na bpríosún. Ní bheadh aon solúbthacht feasta ag Gobharnóir Full Sutton i leith labhairt na Gaeilge, mar shampla. Bhí sé i gceist ag Máiréad Uí Adhmaill cuairt a thabhairt ar a fear céile sa bhliain úr ach tugadh le fios do dhlíodóirí Uí Adhmaill go mbeadh air labhairt léi i mBéarla amháin. Dhiúltaigh Feilim Ó hAdhmaill glacadh leis an choinníoll seo ach bhí a bhean chéile tar éis Béal Feirste a fhágáil fán am sin. Rinne Brian Mulligan ó Ambasáid na hÉireann i Londain achainí ar an Oifig Gnóthaí Pobail go ndéanfaí eisceacht aon uaire don chuairt seo agus go dtabharfaí cead dóibh labhairt i nGaeilge. Diúltaíodh scun scan don achainí seo.
D'iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an Ambasáid iarracht eile a dhéanamh a chur ina luí ar an Oifig Gnóthaí Baile gur cheart teacht ar "pragmatic solution" ar an cheist. Thug Phil Wheatley le fios do Philip McDonagh ón Ambasáid gur dúradh i lámhleabhar slándála na bpríosún nach raibh rogha ag príosúnaigh a bhí ábalta Béarla a labhairt comhrá a bheith acu in aon teanga eile. Bheadh ateangaire de dhíth i gcás príosúnaigh nach raibh Béarla acu. Dúirt Wheatley go rabhthas ábalta teacht ar réiteach pragmatach in Belmarsh siocair go raibh Gaeilge líofa ag duine de na bairdéirí! Ní raibh a leithéid acu in Full Sutton, áfach.
In ainneoin an mhéid a dúradh ag na cruinnithe sin, d'inis Máiréad Ui Adhmaill d'fheidhmeannaigh na hAmbasáide gur léiríodh méid áirithe solúbthachta ó thaobh labhairt na Gaeilge le linn na cuairte a thug sí ar a fear céile i mí Eanáir. "It could be that our two approaches to the British authorities had the desired effect, although there is a continuing reluctance to acknowledge a change of policy and thereby set a precedent," a scríobh Philip McDonagh i bhfaics rúnda a cuireadh chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is léir ó cháipéis eile, áfach, nár éirigh le Bean Uí Adhmhaill ach comhrá cúig bhomaite a bheith aici lena fear céile thar dhá lá.
Gearradh píonóis ar an Dr Ó hAdhmaill as na hiarrachtaí a rinne sé Gaeilge a labhairt léi ar an ócáid sin. D'inis sé d'fheidhmeannach ón Ambasáid go raibh an teileafón, raidió agus leictreachas múchta sa seomra cuairte chun a chinntiú go gcloisfí aon iarracht an Ghaeilge a labhairt le linn na cuairte. Bhí 16 litir scríofa aige chuig a theaghlach thar tréimhse na Nollag ach fá lár mhí Eanáir, ní raibh oiread is ceann amháin faighte acu.
Thug taobh na hÉireann den Rúnaíocht Angla-Éireannach le fios d'fheidhmeannaigh na Breataine ar an 17 Eanáir 1995 gur 'considerable over-reaction' a bhí in iompar na n-údarás i gcás cuairt Mháiréad ar Full Sutton: "In terms of avoiding needless controversy the overall approach of the authorities seems extremely counterproductive," a dúradh.
Chas feidhmeannach ón Ambasáid le Féilim agus le Gobharnóir an phríosúin ar an 18 Eanáir 1995. Bhí cead ag Cipireach de bhunadh na Tuirce a bhí san aonad céanna a theanga dúchais a labhairt lena pháistí agus cheistigh an feidhmeannach cad chuige a ndearnadh idirdhealú idir é agus Ó hAdhmaill. Siocair go raibh Béarla ag a bheirt mhac bheadh air labhairt leo i mBéarla a dúirt an Gobharnóir. Thug an feidhmeannach le fios, áfach, gur tógadh iad trí Ghaeilge agus go mbeadh sé mínádúrtha dóibh labhairt as Béarla.
Tar éis cruinniú eile idir feidhmeannaigh na hAmbasáide agus oifigigh shinsireacha de chuid na seirbhíse príosún ar an 25 Eanáir 1995, measadh go raibh "slight softening in the Home Office approach to Ó hAdhmaill's Irish problem". Tháinig maolú ar an pholasaí nuair a d'fhógair an Oifig Gnóthaí Baile ag deireadh mhí Mhárta 1995 go mbeadh cead ag príosúnaigh glaonna gutháin a dhéanamh ina dteangacha féin. Dúradh fosta go mbeadh fearas taifeadta le cur i bpríosúin na Breataine, rud a thabharfadh deis do phríosúnaigh labhairt ina dteangacha féin nuair a thabharfadh a dteaghlaigh cuairt orthu. Thiocfadh ina dhiaidh sin na comhráití sin a aistriú go Béarla dá mba ghá.
Fá Bhealtaine 1995, thug Dick Spring le fios dá chomhghleacaí Frank Prendergast go raibh rudaí imithe i bhfeabhas sa phríosún anois agus go raibh cead ag Ó hAdhmaill cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
Bogadh an Dr Ó hAdhmaill go príosún dianslándála Whitemoor in Cambridgeshire i mí Iúil 1995 agus chuaigh sé i mbun agóide salaí siocair go rabhthas ag iarraidh air tabhairt faoi obair phríosúin. Chaith sé tréimhse i mbraighdeanas aonair mar phíonós. Scríobh an Teachta Éamon Ó Cuív chuig an Taoiseach, John Bruton, agus chuir sé ina luí air gur cheart déileáil leis an chás ar bhonn práinne.
Bogadh an Dr Ó hAdhmaill go Príosún Mhaigh gCabraí i gContae Aontroma i mí Eanáir 1996. Theip ar a achomharc an mhí dar gcionn ach scaoileadh saor é tar éis ceithre bliana faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998.
- Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 anocht ag 7.15pm