skip to main content

Cáipéisí Stáit: Comharthaí dátheangacha ina n-ábhar mór aighnis

Comharthaí dátheangacha á mbaint anuas
Comharthaí dátheangacha á mbaint anuas

Cáipéisí Stáit: Comharthaí dátheangacha ina n-ábhar mór aighnis

Bhí Rialtas na hÉireann thar a bheith mí-shásta faoi chinneadh a ghlac Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste i 1997 comharthaí i nGaeilge a bhaint anuas sa champas. Tharla sé seo ag am nuair a bhí an rialtas ag iarraidh go gcuirfí 'beartais neartú muiníne' chun cinn i measc an phobail náisiúnaigh. Lena leithéid a bhaint amach mheas Rialtas na hÉireann gur cheart go mbeadh cúrsaí teanga níos feiceálaí in áiteanna poiblí sa Tuaisceart.

Comharthaí dátheangacha in Ollscoil na Banríona

Crochadh na comharthaí dátheangacha san ollscoil deich mbliana roimhe sin in iarracht caitheamh go cothrom le cultúir na mac léinn náisiúnach. Baineadh anuas iad i Lúnasa 1997, mar thoradh ar thuarascáil ón chomhlacht Capita Management Consultants a rinne athbhreithniú ar pholasaí dátheangach na hollscoile. Fuair Capita aighneachtaí ó mhic léinn, ón Choimisiún um Fhostaíocht Chothrom (FEC) agus ó pháirtithe leasmhara eile.

Ina n-aighneacht siúd dúirt an FEC go raibh na comharthaí dá-theangacha "incompatible with a neutral working environment." Dúirt Cathaoirleach FEC, Bob Cooper, go raibh 'chill factor' ag baint leis na comharthaí do mhic léinn Protastúnacha agus gur chuir siad bac orthu poist pháirtaimseartha a ghlacadh san Aontas. "These in no way facilitated the spread of the use of the Irish language. Whatever the intent of its initiators, the signs' policy served only to demonise the language," a dúirt sé.

Mhaígh Aontas na Mac Léinn nach raibh an dara suí sa bhuaile acu ach na comharthaí a bhaint anuas mar thoradh na haighneachta seo. Stad siad fosta ag baint úsáide as stáiseanóireacht dhátheangach.

Ní mó ná sásta a bhí urlabhraithe na bpríomhpháirtithe náisiúnacha faoinar tharla agus cháin Gearóid Ó hEara ó Shinn Féin agus Bríd Rodgers ón SDLP gníomhartha an Aontais go géar. Dúirt Patsy McGlone (SDLP) nár cheart gurb ionann comhurraim cultúrtha sa Tuaisceart agus treascairt a dhéanamh ar thraidisiúin eile.

Leas-Cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh, John Taylor

D'fháiltigh Leas-Cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh, John Taylor, roimh an chinneadh agus mhaígh go raibh níos mó cainteoirí Sínise sa Tuaisceart ná cainteoirí Gaeilge. Dúirt Páirtí na Comhghuaillíochta go raibh sé thar am iad a bhaint anuas. Dúirt Peter Weir ó Choiste na nAontachtaithe Óga go raibh na comharthaí seicteach agus gur iarracht a bhí iontu impiriúlachas cultúrtha a bhrú ar Phrotastúnaigh. (Bhí Weir ina Aire Oideachais sa Tuaisceart idir na blianta 2016-17 agus 2020-21).

Léiríonn cáipéis a chuir an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi bhráid Oifig Thuaisceart Éireann faoin teideal 'Confidence Building Measures' gur chuir Rialtas na hÉireann a n-imní in iúl faoin dearcadh diúltach a ghlac an FEC i leith na Gaeilge. "The current controversy concerning the use of bilingual signs at Queens University has highlighted the controversial position adopted at times by the FEC with regard to the language. The FEC has in some situations tended to see the language as a divisive issue in the workplace and has recommended against the use of bilingual signs in some instances."

Tharraing taobh na hÉireann an chonspóid anuas ag cruinniú den Rúnaíocht Angla-Éireannach: "The position taken by the Fair Employment Commission with regard to bilingual signs is unhelpful and should be addressed in the longer term. The related decision by the Students Union to remove bilingual signs was also unhelpful and the Union should be encouraged to review its decision."

Leanann an chonspóid faoi chomharthaíocht dhátheangach in Ollscoil na Banríona sa lá atá inniu ann. I 2018 ghabh Leas- Seansailéir na hOllscoile, an tOllamh James McElany, leithscéal go poiblí tar éis dó a mhaíomh go sáródh comharthaí dátheangacha polasaí na hollscoile i leith na héagsúlachta agus na cothromaíochta.

* Craolfar Siar 20 Bliain ar TG4 ar an 29 Nollaig ag 7.15pm