skip to main content

2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain

Taiscumar uisce i Sasana fágtha chomh tirim le spríos i mí Lúnasa i mbliana.
Taiscumar uisce i Sasana fágtha chomh tirim le spríos i mí Lúnasa i mbliana.

Beidh 2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain, a deir Oifig Mheitéareolaíochta ansin.

Léiríonn an t-eolas sealadach atá foilsithe ag an oifig sin go sáróidh an meánteocht bhliantúil i mbliana an meánteocht a b'airde ariamh a baineadh amach i 2014.

Dearbhófar an figiúr beacht sa bhliain nua.

Dúirt an Dr Mark McCarthy, ceannasaí Ionad Eolais Aeráide na hOifige Meitéareolaíochta, cé go gcuimhníonn go leor daoine ar an teas mór a bhí ann an samhradh seo, gurb "é an rud is suntasaí faoin mbliain seo an teas seasta a bhí againn ar feadh na bliana uilig nuair a bhí gach mí seachas Nollaig níos teo ná mar a bheithfí ag súil."

"Tá an bhliain the seo ag teacht leis an rud a mbeimis ag súil leis mar gheall ar athrú aeráide atá cruthaithe ag an duine," a dúirt sé.

"Cé nach gciallaíonn seo go mbeidh gach bliain ó seo amach níos teo ná an bhliain a chuaigh roimpi, fágann an t-athrú aeráide gur mó seans anois go mbeidh blianta níos teo againn ó seo go ceann roinnt deichniúr de bhlianta."

Bhuail roinnt mhaith tonnta teasa an Bhreatain ó thosach an Mheithimh i mbliana, rud a d'fhág an ceathrú samhradh ab teo a taifeadadh ariamh acu. Sháraigh an mearcair pointe na 40 céim den chéad uair nuair a taifeadadh teocht de 40.3C i Coningsby i Lincolnshire ar an 19 Iúil.

D'eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta sa Bhreatain a gcéad rabhadh an-teasa dearg ariamh an mhí chéanna.